Cad fé ndear do Shéadna a rádh ná raibh aon fhonn pósta air, agus ná béadh go fóil?
Ní bhéadh meithiol ag obair i bpáirc, ná gasradh ag gabháil an bóthar, ná sguainne ag dul ag sguruidheacht, ná cuideachta ag dul ag ól, ná gur bh’í an cheud cheist do phreabfadh suas eatortha, “Ar airíghis, airiú, cad do dhéin Diarmuid Liath? Ó, am briathar ’s ambasa, go ndeachaigh sé suas, de shiúbhal a chos, go tigh Shéadna, agus gur cheap sé, cóir cam díreach, Séadna do thabhairt leis anuas ar chúl cinn agus é phósadh, láithreach bonn baill, le Sadhbh, d’aimhdheóin a chúil-fhiacal! An bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid d’obair?”
Ansan, ar ball, deurfadh duine éigin, “Agus cad dúbhairt Séadna?”
Gheobhadh sé mar fhreagra, “Dúbhairt Séadna leis imtheacht abhaile agus ciall do bheith aige, ná raibh aon fhonn pósta air féin agus ná béadh go fóil.”
Ansan d’éireóchadh an cheist, “Cad fé ndear do Shéadna a leithéid sin do rádh, agus cleamhnaisí d’á ndéanamh ar fuid na dúithe dhó chómh tiugh le grean?”
Nuair adúbhairt Séadna féin an focal, do leig sé amach níos mó d’á aigne ’ná a cheap sé leigint amach, ach bhí an fhearg air, agus do bhí an gnó déanta ag Diarmuid chómh botúnach san, níor fhéad sé foidhneamh leis. Nuair a bhíodar uile imthighthe abhaile i gcóir na h‑oídhche agus bhí sé i n’aonar ’na shuidhe sa chathaoir shúgáin, bhí an sgeul ag ruith tré n‑a aigne ar an gcuma so:—
“I mbeulaibh na dtrí bpobal! Ní mise chuir i mbeulaibh na dtrí bpobal é. An breallán! Béidh sé i mbeulaibh na dtrí bpobal anois—é féin agus Sadhbh. Humhth!—Is oth liom aon trácht do bheith ar ainim Mháire Ghearra. Ach cad é mo leigheas air? Dáltha an sgéil, ní fheadar cad uime gur tugadh Máire Ghearra