do bhriseadh an uair úd. Ní chuirfinn a chathughadh go bráth dhíom mé bheith pósta ag amadán.”
“Ambasa, a Shadhbh,” arsa Diarmuid, “ní mise a bhris é.”
“’Dhe agus darfa liath, a dhuine, cia eile a bhris é ach tusa? Dar ndóigh ní h‑amhlaidh a mheasfá a rádh gurab é Séadna do bhris é!”
“Andaigh, a ghamhain, ní dócha gur bhris aoinne é. Ní raibh sé ann le briseadh,” arsa Diarmuid.
“Ní raibh sé ann le briseadh!” ar sise. “Ní raibh agus ní bhéidh! Is deas an saghas duine thú! Ní raibh sé ann le briseadh! Is deas an chaint í sin uait-se. Siniad do chómharsain uile agus a gclann curtha i gcrích acu, agus cad ’tá déanta agat-sa? Ní raibh sé ann le briseadh! Ní raibh agus ní bheidh!”
Ansan do chrom sí ar ghol.
D’eirigh Diarmuid agus bhuail sé síos chun an doruis agus chuir sé a ghuala leis an ursain, agus d’fheuch sé síos an bóthar, agus ansan d’fheuch sé suas an bóthar.
Cáit.—Dá mbeinn i gcás Dhiarmuda deurfainn léi, “main do dheór nár chuirir díot!”
Peig.—Ní fheadar, a Cháit. B’fhéidir dá mbéidhfeá i gcás Dhiarmuda nár bh’fhearra dhuit rud a dhéanfá ’ná an rud a dhéin seisean. Isé is dóichíghe gurab aige b’fhearr a fhios cad ba cheart dó a dhéanamh.
Cáit.—An stiúsaidhe! Is beag orm í.
Gobnait.—Ar airigh Máire Ghearra é, a Pheig?
Peig.—An Domhnach a bhí chúgainn, bhí sí ag caint le máthair Mhicil, agus fuair sí tuairisg an sgéil díreach fé mar a thuit sé amach. Bhí áthas mór go léir uirthi nuair a thuig sí gur thug sé an t‑airgead uaidh ar son an tSlánuightheóra.
“Agus,” ar sise, “tá súil agam anois go dtuillfidh