“Bhíos tamall de m’ shaoghal, a Shiobhán,” ar sise, “agus do cheapas ná pósfainn choídhche.”
“Ní h‑aon tamall mór de d’ shaoghal atá caithte,” arsa Siobhán.
“D’á luíghead é, tá sé buartha go maith le déanaighe,” arsa Máire.
“Ní fheicim puínn ádhbhar buartha agat,” arsa Siobhán.
“Tá mo chroídhe d’á shníomh le buairt,” ar sise.
Ansan do labhair sí i gcogar le Siobhán agus chaitheadar tréimhse mór ag cogarnaigh. Nuair a bhí an cogarnach críochnuighthe acu chuaidh Máire abhaile agus chuaidh Siobhán a chodla. Ach ní baoghal gur thuit aon neul codlata ar Mháire ná ar Shiobhán an oídhche sin.
Nuair dh’eirigh Siobhán ar maidin isí a bhí go tuirseach. Nuair a cheap sí a caidhp a chur ar a ceann, is ’na póca a chuir sí é. Nuair a cheap sí a bróg a chur ar a cois, is sa teine a chuir sí í mar a chuirfeadh sí fód móna. Nuair a tháinig sí ar a glúinibh chun na bpaidreacha do rádh, do theip uirthi focal ar bith a rádh le cruinneas ach “Go gcuiridh Dia ar mo leas mé! Go gcuiridh Dia ’s Muire Mháthair ar mo leas mé!” Nuair a theastuigh ó Mhicil a chuid bídh d’fhághail, ní raibh an biadh ollamh dó. Nuair a cuireadh os a chómhair é, ní raibh sé ach leath-bheirbhthe. Níor leig sé aon nídh air, ach an biadh do chaitheamh chómh maith agus d’fhéad sé é.
“Tá rud éigin ar mo mháthair”, ar seisean i n’ aigne féin. “Ní fheadar an tsaoghal cad ’tá ag eirighe fúithi. Ní h‑éidir gurab é an báille úd a bhéadh ag teacht airís? A mháthair,” ar seisean, “tá rud éigin ag déanamh buartha dhuit. An raibh a thuille le h‑éileamh ag an mbáille an lá úd?”
“Ach! ní raibh, a Mhicil, oiread agus leath-phinge. Ní’l blúire orm ach nár chodlas puínn aréir.”