Jump to content

Page:Seadna.djvu/83

From Wikisource
This page has been validated.
79
SÉADNA

taidhrimhthe déanfar duit, gan teacht airís. Imthigh ort abhaile anois, agus go dtugadh Dia ciall níos fearr duit! Do chuadhais as go dian mhaith.”

Do sgaradar.

“Seadh,” arsa Micil leis féin, “ba dhóbair dom an donas a dhéanamh. Ní fheadar an tsaoghal cár thug mo mháthair an oídhche.”

Nuair a tháinig Micil abhaile, bhí a mháthair ann roimis. Bhí a h‑aghaidh agus a súile ataithe ó bheith ag gol.

“A mháthair,” arsa Micil, “cá raibh an tóramh?”

“Cad a thug abhaile thú, a Mhicil?” ar sise.

“Sdó,” ar seisean, “d’fhanas i bhfeidhil tíghe Shéadna aréir, mar do thug sé féin an oídhche i mball éigin as baile, agus ansan ar maidin indiú dúbhairt sé liom imtheacht abhaile agus greas a chodladh dhom féin; go raibh págh an lae seo tuillte agam tar éis na h‑oídhche.”

“Airiú,” ar sise, “agus cár chaithis an lá ó mhaidin?”

“Bhí an lá go breagh,” ar seisean, “agus ní raibh tuirse ná codla orm, ach má ’seadh tá ocras anois orm, geallaim dhuit é.”

Thug sí rud le n‑ithe dhó, agus má thug, ba mhaith an díol air é. Ba ghearr an mhoill air mias mhaith mhór a ghlanadh. Nuair a bhí a chuid bídh caithte aige do chrom sé ar chaint.

“A mháthair,” ar seisean.

“Teacht, a Mhicil,” ar sise.

“Níor innsis dom cá raibh an tóramh,” ar seisean.

“Cad a choimeád Séadna as baile i gcaitheamh na h‑oídhche aréir?” ar sise.

“Ní h‑i gcaitheamh na h‑oídhche aréir amháin a bhí sé as baile, ach ó mhaidin indé. Nuair a thánaís-se amach ar maidin indé ó bheith ag caint leis agus tú i riochtaibh dul i laige, do chuadhas-sa isteach agus ní raibh sé