deirim go bhfuil breall ar an saoghal mór, agus go mb’fhearr liom breall air ’ná a chómhairle a ghlacadh.”
“Agus feuch,” arsa ’n mháthair, “siné an saoghal mór ’ghá phósadh le Máire Ghearra, agus nach maith ná faghan tú aon locht air.”
“Nára’ slán comórtas, go deimhin, Máire Ghearra agus an chuid eile acu! Cá bhfuil leithéid Mháire Ghearra le fághail? Ní’l ins na seacht bparóistibh. Bean bhreagh dhathamhail uasal. Bean chiallmhar thuisgionach dheagh-thabhartha suas, go bhfuil bocht agus saidhbhir buidheach di. Bean dhiadha dheagh-shomplach, gur fearr-de an pobal ’na n‑éistean sí Aifrean ann. Tá uraim ag olc agus ag maith dhi. Dá mbeadh beirt bhan ag troid agus go bhfeicfidís ag teacht í, do stadfaidís go mbéadh sí gabhtha thársa, chómh maith agus dá mb’é an sagart a bhéadh ann.”
“Ní fheadar,” arsa ’n mháthair, “dá mbeadh Sadhbh ag troid ar an mbóthar, an stadfadh sí dá bhfeiceadh sí Máire ag teacht.”
“Dómhaise, am briathar mhóide, a mháthair,” ar seisean, “go bhfeacaidh mo dhá shúil í ’ghá dhéanamh, agus nár chuir aon rud riamh a leithéid d’iongnadh orm, feuch! Bhíos ag dul soir go tigh na mBúrcach le teachtaireacht. Nuair a bhíos ag déanamh ar thigh Dhiarmuda d’airigheas Sadhbh ag callaireacht, aghaidh na muc agus na madraí aici d’á thabhairt ar chómharsain éigin. Cia gheabhadh anoir de thigh an chúinne ach Máire Ghearra. Ní túisge a chonaic Sadhbh í ’ná do stad an challaireacht. Do chrom sí a ceann, agus d’imthigh sí isteach abhaile go ríghin.”
“Agus nach mór an iongnadh,” arsa ’n mháthair, “nár choruighis tú féin fadó chun cleamhnais a dhéanamh do Shéadna léi?”
“’Sdó, sin é go díreach an sgéal,” ar seisean. “Do