CAIBIDIOL A DEICH.
Ar maidin, lar na mháireach, bhí Séadna agus a lucht oibre ag obair ar a lán-dícheal. Bhí bog-fheaduíol na bhfear, agus mion-bhuillí na gcasúr mbeag, agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh ar siúbhal chómh dian agus dá mba ná béadh bróg ná buatais d’á dhéanamh i n‑aon bhall eile ar thalamh tirim na h‑Éirean.
“Cé h‑é sin aníos?” arsa duine des na fearaibh.
Thóg gach aoinne a cheann ach Micil.
“Seághan Ceatach go deimhin!” arsa duine eile.
Do phreab Séadna ’na shuidhe agus siúd amach é, agus síos i gcoinnibh Sheághain Cheataigh.
Thug an bheirt tamall mór ag gabháil treasna na páirce, anonn agus anall, ag caint agus ag cur thré chéile, ach do bhíodar ró fhada síos, i dtreó nár fhéad aon duine des na fearaibh focal de’n chaint a dhéanamh amach. Fé dheire do sgaradar le n‑a chéile. Do thug Seághan Ceatach a aghaidh siar ar a thigh féin. Ach i n‑inead filleadh chun a ghnótha, do thug Séadna a aghaidh an bóthar soir chun na sráide.
Do léim Micil, agus chaith sé uaidh an bhróg a bhí idir lámhaibh aige, agus siúd fá dhéin a thíghe féin é ar sodar.
Chómh luath agus tháinig sé ar an dtaoibh istigh de dhorus, “A mháthair,” ar seisean, “a leithéid seo. Tá an cleamhnas déanta!”
“Éist do bheul!” ar sise.
“Ó go deimhin tá,” ar seisean. “Bhí Seághan Ceatach féin thuas ó chianaibh, agus bhí sé féin agus Séadna ar feadh uair a’ chloig sa pháirc ag caint, agus