TÁIN BÓ CUAILNGE
’NA ḊRÁMA
AN ĊÉAD ĠNÍOṀ.
AN ĊÉAD RAḊARC.
An Áit—Cruaċain Aoi.
Méiḃ agus Oilill ’na rí-ṫeaċ.
Oilill.—Is maiṫ bean deiġ-ḟir, a Ṁéiḃ.
Méiḃ.—Is fíor sin, a Oilill. Aċ conus a ḃainean an sean-ḟocal leat-sa, nó cad dó go ḃfuilir ’ġá ṫagairt?
O.—Bainean an sean-ḟocal liom-sa ar an gcuma so, agus is do so atáim ’ġá ṫagairt. Is maiṫ an ḃean tusa ó ṫugas-sa liom ṫu.
M.—Ba ṁaiṫ an ḃean mise, a Oilill, sar a ḃfeaca riaṁ ṫu.
O.—B’ṡin maiṫ nár ċualamair agus ná feacamair, a ’nġín ó. Is é rud a ċualamair agus a ċonacamair ná go mbíoḋ luċt na gcríoċ ba ġiorra ḋuit ag fuadaċ do ċreaċ agus do ḃó-ṫáinte agus do ṁaoine, agus ná bíoḋ ar do ċumas iad do ċosg.
M.—Ní mar sin a ḃíoḋ, a Oilill. Agus ní’l aoinne is fearr gur ḃ’eól dó san ná mar dob eól duit-se é. Cér ḃ’é m’aṫair? Eoċaiḋ Feiḋleaċ, árdrí Éirean! Cé ḟéadfaḋ bó-ṫáinte do ḃreiṫ uaiḋ