eile, a rí, atá agam le ráḋ. Dá dtugaḋ duine masla ḋuit-se anois, ní tusa ḋéanfaḋ an masla do ḋíogailt air aċ mise. Is fear ar sgáṫ mná ṫu, a Oilill!
O.—Stad, a ’ġnín ó. Tá dearṁad ort. Ní fear ar sgáṫ mná me. Tá mo ċlú agus mo ċáil féin agam. Is fear me do ṡíolraiġ ó’n ḃfuil is uaisle. Ḃíodar ḋá ḋearḃráṫair ṁaiṫe agam. Duine acu Cairbre, ’na rí i dTeaṁair, agus an fear eile ’na rí ar Laiġniḃ. Fuaras féin an ċúige seo Connaċt i ndualgas cirt mo ṁáṫar. Agus féaċ, fuaras mar ṁnaoi an inġean rí is uaisle dá raiḃ i nÉirinn riaṁ, tusa féin, a Ṁéiḃ, inġean Árdrí Éirean, agus an inġean is fearr dár ṫáinig fós ar ríogra Éirean. Agus i dtaoḃ maoine agus saiḋḃris, is mó mo ṡaiḋḃreas agus m’ollṁaiṫeas ná do ṡaiḋḃreas-sa, a Ṁéiḃ.
M.—Ní fíor sin, a rí.
O.—Deintear ár saiḋḃreas do ṁeas agus ċifear gur fíor.
M.—Imṫeóċad láiṫreaċ agus cuirfead an meas dá ḋéanaṁ.
(Imṫiġeas Méiḃ.)
O.—Is éagsaṁlaċ an ḃean í! Tá aigne agus croiḋe agus misneaċ fir aici. Is ’mó fear ná fuil leaṫ ċoṁ mór-aigeanta lé. Is ’mó fear ná fuil croiḋe leaṫ ċoṁ láidir ċoṁ cróḋa aige. Ní hé gaċ aon ḟear d’ḟéadfaḋ seasaṁ os a coṁair agus féaċaint idir an dá ṡúil uirṫi gan criṫniú. Ní dóiċ liom go ḃfeadair sí cad a ḃainean le heagla. An rud a ċuirfeaḋ eagla agus criṫ ċos agus láṁ ar ṁnaoi eile is aṁlaiḋ a ċruaḋan sé í agus ċuirean sé fuinneaṁ inti. Ní ḟeaca riaṁ aon ní ċoṁ