M.—Cad é an seóid é sin, a rí-eaċlaċ.
M. R.—Tarḃ áluinn saineaṁail is eaḋ é, agus Finn-ḃeannaċ ainm dó. Is ar do ḃuaiḃ-se do rugaḋ agus do hoileaḋ é. Aċ nuair ḟás sé suas ’na ṫarḃ ba lag leis ḃeiṫ fé smaċt mná agus d’imṫiġ sé anonn ar ḃuaiḃ an rí. Dá mbeaḋ tarḃ mar é ar do ḃuaiḃ-se, a ríogan, ḃeaḋ ḃur saiḋḃreas coṁ-mór arís.
M.—An ḃfuil a ḟios agat-sa, a Ṁic Roṫ, cá ḃfuil a leiṫéid sin do ṫarḃ eile le faġáil?
M. R.—Tá a ḟios agam, a ríogan, cá ḃfuil tarḃ is fearr ná é le faġáil.
M.—Cad é an áit?
M. R.—Ag Dáire mac Fiaċna, i dtriúċa céad Cuailnge ṫoir. An Donn Cuailnge is ainm do agus is fearr de ṫarḃ é ná an Finn-ḃeannaċ.
M.—Eirig-se uaim-se a Ṁic Roṫ ag triall ar Ḋáire mac Fiaċna, agus abair leis iasaċt an tairḃ sin do ṫaḃairt doṁsa ar feaḋ bliaḋna agus go dtaḃarfar dó mar ḋíoluiġeaċt as an iasaċt san an Donn Cuailnge féin tar éis na bliaḋna agus caogad saṁaisg le n‑a ċois. Agus má ḃíon aon ċur ’na ċoinniḃ ag muintir na tíre sin an tarḃ do leogaint uaṫa, abair le Dáire teaċt annso agus a ṫarḃ do ṫaḃairt leis, agus go ḃfaġaiḋ sé coṫrom a ḟearainn i gCuailnge de’n talaṁ is fearr agus is míne agus is torṫaṁla san áit seo, agus caradas fé leiṫ uaim-se féin.
M. R.—Ní ṫaḃarfaiḋ Dáire an tarḃ uaiḋ.—Nó má ṫugan ní leogfaid muintir na háite uaṫa é.—Eiteóċar me.—Ní ḟuilingeóċaid muintir Ċúige