díoluiġeaċt as an iasaċt. Téanam go gcurfar cóis éigin oraiḃ tar éis ḃur n‑aisdir.
(Imṫiġid.)
AN CEAṪRAṀAḊ RAḊARC.
Mac Roṫ agus a naonḃar eaċlaċ ’na suiḋe ag bórd. Glainí leanna ar a n‑aġaiḋ amaċ. Iad ar bog ṁeisge. Cuid acu ag aṁrán agus cuid acu ag caint.
Eaċlaċ.—Dar Duaċ, a Ṁic Roṫ, is maiṫ an áit ’nar ṫug ar gcosa sinn!
Eaċlaċ eile.—Éist do ḃéal a ḃriolóig! Ní hiad ár gcosa a ṫug annso sinn aċ cosa na n‑eaċ.
An Ċéad E.—Ó, náċ deisḃéalaċ é! Níor ṁisde ḋuit-se cosa an eiċ do ḃeiṫ fút. Ní ḃéarfaḋ do ċosa féin ró ḟada ar an sliġe ṫu.
An Dara E.—Adṁuiġim ná raiḃ breiṫ acu ar ḟeaḃus na gcos a ḃí fút-sa an lá úd a rugadar saor tu ó Ḟearċú Loingseaċ!
M. R.—Go réiḋ, a ḃuacaillí! Ní haon náire d’aoinne a ċosa ġá ḃreiṫ saor ó’n annsgian san.
An D. E.—Is fíor ḋuit-se sin, a rí. Is mór an trua.g cead a ċos aige ċoṁ fada. Dá mb’ agam-sa ḃeaḋ slóiġte Ṁéiḃ agus Oiliolla ba ḋóiċ liom go mbainfinn ó n‑a ċoisiḋeaċt fad ó.
E. Eile.—Dar Duaċ, is áluinn an lionn é seo! Cé