Agus dá mba ḃéas doṁsa feall do ḋéanaṁ ar eaċlaċaiḃ ná ar luċt taisdil sliġe, ní ḃéarfaḋ siḃ ḃur n‑anam liḃ aċ ċoṁ beag!
M. R.—Aililiú! a rí onóraiġ! Ní foláir nó tá tuaṫal éigin déanta. Cad fé ndeár an t‑aṫrú aigne, le toil t’onóra?
D.—Tá tuaṫal déanta, agus siḃ-se do ḋein an tuaṫal.
M. R.—Cad é an tuaṫal é, a rí? B’ḟéidir go ḃféadfaí leiġeas éigin do ḋéanaṁ air.
D.—Duḃraís-se aréir, mara dtugainn-se an tarḃ uaim ar ais go gcaiṫfinn é ṫaḃairt uaim ar éigin, tré ṁór-ṡlóiġte Ṁéiḃ, fé stiúrú agus fé ṁór-eólus Ḟearġuis ṁic Róiġ. Agus duḃraís gur ṁaiṫ an ċiall dom an tarḃ do ṫaḃairt uaim ar ais. Deirim-se leat-sa náċ maiṫ an ċiall do Ṁéiḃ teaċtaireaċt de’n tsórd san do ċur ċuġam-sa.
M. R.—Aċ! a rí. Ná cuir-se suim i gcaint gan éifeaċt a ṫáinig ó eaċlaċaiḃ gan ċiall, agus iad ar meisge le feaḃas an leanna a ṫugais dóiḃ.
D.—Ní ċuirim suim ’na gcaint, agus ní ḃéarfair an tarḃ leat an turus so.
(Imṫiġeas.)
M. R.—Oċón! Sin casaḋ timċeall agat! Dar grian agus éasga, a Ḋáire ṁic Ḟiaċna, tá eagal orm go bḟuil droċ-ḟuadar fút! Is é mo ṫuairim láidir náċ fearr le Méiḃ cuma ’na ḃfuil an sgéal ná mar sin! Ní deirim ná gur airíġeas í ’ġá ráḋ le duine dem’ eaċlaċaiḃ, mara dtugtaí an tarḃ ar ais go gcaiṫfí é ṫaḃairt ar éigin. Is dóċa gurḃ’ ṡin é a ċuir an t‑eaċlaċ ag caint. Dá luaṫaċt a ḃeimíd ṫiar sa ḃaile iseaḋ is fearr é.
(Imṫiġeas.)