Ceat mac Máġaċ dó cad tá ag coimeád Connaċtaċ socair. Ba ḋeacair Ceat féin do ċoimeád ar sliġe na síoṫċána mara mbeaḋ an ní atá ar ár n‑aigne.
(Tig Mac Roṫ.)
M. R.—Ambasa, a ríogan, níor ṫugamair.
M.—Cad fé ndeár san?
M. R.—Nuair a ṫugas-sa an teaċtaireaċt do Ḋáire ṁac Ḟiaċna ḃí sé lán tsásta iasaċt an tairḃ do ṫaḃairt uaiḋ. Duḃairt sé gur leis féin an tarḃ agus ná taḃarfaḋ sé aon tsásaṁ do ṁuintir na háite i dtaoḃ an tairḃ do ċoimeád nó do ṫaḃairt uaiḋ, pé ’cu ba ṁaiṫ leis féin. Agus duḃairt sé ná glacfaí aon díoluiġeaċt ar an iasaċt. Ċeapas go raiḃ gaċ ní socair. Do frioṫálaḋ sinn go maiṫ le roġa gaċ bíḋ agus leanna. Nuair a ġaḃas amaċ ar maidin lar na ṁáireaċ agus ċuas fé ḋéin an tairḃ ċun é ċomáint liom do ċoisg Dáire me. Duḃairt sé ná leogfaí an tarḃ liom, agus mara mbeaḋ nár ḃéas dó féin feall do ḋéanaṁ ar eaċlaċaiḃ ná ar luċt taisdil sliġe ná tiocfaimís tar n‑ais beó. D’ḟiarfaiġeas de cad fé ndeár an t‑aṫrú aigne.
M.—Cad duḃairt sé leis sin?
M. R.—Duḃairt sé go nduḃairt duine dár n‑eaċlaċaiḃ aréir roiṁe sin, mara dtugtaí an tarḃ ar ais go mbéarfaí ar éigin é, le mór-ṡlóiġte Ṁéiḃ agus le mór-eólus Ḟearġuis ṁic Róiġ.
M.—Tá go maiṫ, a Ṁic Roṫ. Ní gá aon aṫrú mór do ḋéanaṁ sa ċaint. Duḃairt an t‑eaċlaċ “mara dtugtaí ar ais é do ḃéarfaí ar éigin é.” Ní’l