eile ó’n Muṁain. Táid slóiġte Laiġean ann, an Duḃloingeas agus pobul Teaṁraċ. Ní’l aon ḟear díoḃ san go léir nár sgar le caoṁ agus le cara, le críċ agus le fearan, le gaol agus le coṁgas, le haṫair agus le máṫair, ag teaċt dóiḃ ar an slógaḋ so liom-sa. Tá súile fliuċa agus croiḋṫe buarṫa ’na ndiaiḋ sa ḃaile ag aosda agus ag óg, agus mara dtigid siad slán ṫar n‑ais is orm-sa a ḃeiḋ osna agus mallaċt na muintire sin atá ’n‑a ndiaiḋ, mar is mise fé ndeár iad do ṫarang ar an slógaḋ so. Ba ṁór an sólás agus an sásaṁ ar m’ aigne dá n‑innsteá ḋom an mbéarfaimíd buaḋ agus an dtiocfaiḋ a ḃforṁór so slán ó’n gcogaḋ. Aċ is fearr linn deaġ-ḟáisdine ná san féin. Innis-se ḋoṁsa an ḟírinne, an dtiocfam nó ná tiocfam.
D.—Pé duine a ṫiocfaiḋ ná ná tiocfaiḋ tiocfair-se féin.
M.—Cé hé ṫusa, a ’nġín ó, nó cad tá uait?
F. B.—Feiḋealm banḟáiḋ is ainm doṁsa. Is de d’ ṁuintir-se me agus ṫánag ag taisbeánaḋ do leasa ḋuit.
M.—Cia de m’ ṁuintir-se ṫu, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ?
F. B.—Is mise banḟáiḋ síḋe Ráṫa Cruaċna.
M.—Cad fá go dtánaís ag taisbeánaḋ mo leasa ḋoṁsa, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ?
F. B.—Mar táid ċeiṫre ollċúige Éirean agat dá mbreiṫ leat i gcríoċaiḃ Ulaḋ, agus is ’mó cóir agus éagcóir, olc agus maiṫ, leas agus aiṁleas, a ṫiocfaiḋ as an mbeartú san, duit féin agus do’n ṁór-ṡluaġ atá fé d’ láiṁ agat. Is ban-