a ṡáruiġ an dá ḟormad ar a ċéile. Aċ do ḋeineas sult dé, agus cúrsaiḋe áṫais dom féin, agus ġaḃas mo ḃuiḋeaċas gan staonaḋ leó agus do ṁolas iad, idir Ċonnaċtaċ agus Muiṁneaċ, i dtreó fé ḋeire gur ḃ’ aṁlaiḋ a ḃí an sgéal acu ná ceadóċ aon taoḃ acu, ar rud ná déarfaidís, iad do ṫeaċt gan an ḃreis do ṫaḃairt leó.
O. (Ag cur gáire as).—Ní fearr ḃeiṫ ag caint air, a Ṁéiḃ, aċ ní’l aon teóra leat!
M.—Ní’l do ṁór-ṡluaġ fé ḃun daċad tríoċa céad, a rí!
O.—Agus gan tríoċa céad orṫa, aniar ná aneas náċ muiriġean aigne agus meaḃraċ cinn do’n ḟear is treise bunús, iad do ċoimeád go maiṫ fé n‑a láiṁ! Conus atá an smaċt, a Ṁéiḃ?
M.—Is ’mó cualaċt líonṁar ar an slógaḋ agus is maiṫ is eól dóiḃ uile conus slógaḋ do ḋéanaṁ; aċ ní’l ionta uile aċ díosgar seaċas aon tríoċa céad aṁáin, is iad san tríoċa céad na nGailian.
O.—Cad é an deaġ-obair a ḋeinid siad san seaċas cáċ, go moltar ar an gcuma san iad?
M.—Is dual molaḋ ḋóiḃ. Ḃí boṫa agus béalsgaláin déanta acu um an am ’nar ṫáinig leis an gcuid eile de’n tsluaġ dúna agus longṗuirt do ḋéanaṁ. Ḃí an biaḋ dá ḃeiriú ag tríoċa céad na nGailian an uair a ḃí an ċuid eile ag déanaṁ boṫa agus béalsgalán. An uair a ḃí an ċuid eile ag beiriú an ḃíḋ ḃí a gcuid bíḋ iṫte ag tríoċa céad na nGailian. Um an dtaca ’na raiḃ an biaḋ iṫte ag an gcuid eile de’n tsluaġ ḃí an ċéad ġreas codlata ag tríoċa céad na nGailian. Tá slaċt agus fuinneaṁ sa ċuma ’na ndeinean an tríoċa