dtuigean an fear boċt féin an ní sin agus gurab é sin an ċúis ná leogan an náire ḋó é féin a ṫaisbeáint.
O. (Ag féaċaint ar an gcloiċ).—Cad é seo annso againn? (Féaċaid uile ar an gcloiċ.) Féaċ, tá rud éigin casda ar an gcloiċ. Rud éigin i ḃfuirm fúnsa iseaḋ é. Ní raiḃ aon ġá le fúnsa ag an gcloiċ seo. Ní’l aon sgoilt inti. Cad ċuige gur cuireaḋ an fúnsa uirṫi? Agus féaċ, tá sgríḃinn ar ḃeinn an ḟúnsa. Cad é an ḃríġ atá leis an obair seo? An geasa, nó an coṁaċta síḋe, atá curṫa roṁainn annso? Má ’s eaḋ ní foláir dúinn coṁaċta eile do ċur i ḃfeiḋm ’na n‑aġaiḋ, a ċuirfiḋ iad ar neaṁní. Ní ṫuigim an t‑oġam. An dtuigean tusa é, a Ḟearġuis?
F.—Tuigim an t‑oġam, agus tuigim na geasa, agus tuigim na coṁaċta. Ainm Ċú Ċulainn an t‑oġam. Iḋ déanta de ḃuinníḃ daraiġe iseaḋ an fúnsa. Isé Cú Ċulainn do ḃain agus do ċas agus do ṡníṁ na slata so, agus do ḋein an iḋ seo ḋíoḃ. Ċuir sé an iḋ ar ċaol na cloiċe agus do ḃrúiġ sé síos í go dtí tiuġ na cloiċe, mar a ḃfeictear anois í. Annsan do sgríḃ sé a ainm féin ar a beann.
M.—Cad ċuige, a Ḟearġuis, gur ḋein sé an ní sin? Ní ḟeicim féin puinn tairḃe ḋó sa tsórd san cleasaiḋeaċta. Ba ḋóiċ liom gur ḃ’ aḋḃaraiġe ḋó mar ṡaoṫar ḃeiṫ ag cruinniú fear agus ag córú mór-ṡlóiġ, má ’s mian leis Maġ Muirṫeiṁne do ċosaint orainne.
F.—Táid san iḋ seo, a ríogan, coṁaċta agus geasa a ċosnóċaiḋ Maġ Muirṫeiṁne ort-sa níos fearr ná ċosnóċ mór-ṡluaġ, mara ḃféadtar na geasa agus na coṁaċta d’ ḟreagairt.