agus is fearr na cáirde síḋe atá aige ná cáirde síḋe Ċú Ċulainn. Ní ḟéadfaḋ Luġ draoiḋeaċt do ḋéanaṁ ná déanfaḋ Cú Raoi draoiḋeaċt ’ġá ḟreagairt, agus tá draoiḋeaċt agus coṁaċta agus cáirde síḋe ag Méiḃ féin ċoṁ maiṫ agus atá ag aoinne acu. Méiḃ ag casaḋ ṫar n‑ais tar éis a saoṫair! Sgéal gan daṫ is eaḋ é. Níor iompuiġ Méiḃ riaṁ fós i ndiaiḋ a cúil ó’n rud a ċuir sí roimpi, agus ní hag dul i ndiaiḋ a cúil atá sí anois. Ní heaḋ dá mbeaḋ a ḃfuil do ċoṁaċtaiḃ síḋe i nÉirinn ar an mbóṫar roimpi!
An ċéad ḟ.—Táimíd ag gaḃáil siar pé sgéal é. Is é mo ṫuairim-se gur aḃaile atáimíd ag dul. Cé ḟéadfaḋ coṁrac do ḋéanaṁ le sneaċta mar é seo! Tá Méiḃ dána gan aṁras, aċ tá ciall aici.
An dara f.—Tá ciall ag Méiḃ, aċ ní’l ciall le d’ ċaint-se. Ní ḟéadfaḋ Cú Ċulainn draoiḋeaċt do ḋéanaṁ ná déanfaḋ Cú Raoi draoiḋeaċt a ḃuaḋfaḋ air.
An ċéad ḟ.—Má ’s eaḋ cad ’na ṫaoḃ ná cuirean Cú Raoi an sneaċta so ar neaṁní uainn agus gan sinn a ḃeiṫ dár leaṫaċ agus dár múċaḋ mar atáimíd?
An dara f.—Mar sin ní hó aoinne acu a ṫáinig an sneaċta so aċ ó’n spéir féin. Tá a ḟios ag an saoġal gur treise coṁaċt spéire, agus coṁaċt gaoiṫe, agus coṁaċt niṁe, ná aon ċoṁaċt draoiḋeaċta. Is minic a ċonacamair sneaċta draoiḋeaċta, aċ ba neaṁní an sneaċta draoiḋeaċta ba ṁó dá ḃfeacamair riaṁ seaċas an sneaċta so. Ó’n spéir féin is eaḋ ṫáinig an sneaċta so.
An ċéad ḟ.—Pé áit as a dtáinig sé, nó pé coṁaċt a ṫug ann é, is eagal liom ná himṫeóċaiḋ sé gan