hé mo ṫuairim go ndéanfaiḋ ḃur nglugaireaċt cainte-se stop a ċur leó. Nó an aṁlaiḋ a ṁeasfaḋ siḃ ḃeiṫ ag caint go dtí go gcruaḋfaiḋ an sioc na carbail agaiḃ! Beiriḋ ar an anairt seo im’ ṫeannta féaċaint an ḃféadfaimís pubal do ḋéanaṁ. Is suaraċ an díon anairt idir sinn agus an spéir anoċt.
Duine de’n ḃeirt nua.—Féaċ, a ḟeara, tá an fear boċt so i ndeire an anama. Ní ṫiocfaiḋ sé ċuige féin go deó mara ḃféadam é ṫé ar ċuma éigin.
An tríoṁaḋ f.—Déiniḋ é ṫé má ’s eaḋ.
An duine.—Sdó, ní’l an ċóir againn ċuige.
An tríoṁaḋ f.—Ná bacaiḋ é má ’s eaḋ.
An d.—Ġeaḃaiḋ sé bás mara dtéitear é.
An tríoṁaḋ f.—Ní fearra ḋó rud a ḋéanfaiḋ sé.
An d.—Ná fuil aon truaġ agat dó!
An tríoṁad f.—Ní’l aon truaġ ag an ḃfuaċt so d’ aoinne.
An d.—Nár ċóir go leogfá ḋúinn é ċur isteaċ sa ṗubal?
An tríoṁaḋ f.—Ba ċóir, dá n‑iaraḋ siḃ orm é, aċ níor iaraḃair.
An d.—An misde leat sinn ’ġá ċur isteaċ?
An tríoṁaḋ f.—Ní misde. Ní ḃeiḋ aċ corp sa mbreis ann ar maidin.
An ċéad ḟ.—Ní hé mo ṫuairim go ḃfuil aon ṗioc dá