34
“Agus cuireann sí níos mó suime i dTír an Airgid agus i dTiombuctú 'ná i n-Éirinn.”
“Cuireann sí suim ins an doṁan mór,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Agus 'sí nuaiḋeaċt an doṁain ṁóir atá ag teastáil ó ḋaoiniḃ ciallṁara. Tá eolas go leor againn ar an oileán ḃeag seo. Nuaiḋeaċt na h-Éireann i bpáipéar Éireannaċ! Ḃéaḋ sé cosaṁail le duine ag sgríoḃaḋ litre ċuige féin.”
“Táir ag magaḋ, mar a ḃíonn tú i gcóṁnuiḋe,” ar Caoiṁġín.
“Táim ag cur i n-úil duit smaointe fear riarṫa na h-oifige seo,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Aċt níl maiṫeas i gcaint, agus tá gnó le déanaṁ againn anois. Ná sgríoḃ an iomarca i dtaoiḃ an Oireaċtais anoċt, agus bíoḋ ciall sa gcúntas—duḃairt Mac Uí Ḋonnaḃáin go raiḃ sé lán d' ḟiliḋeaċt i ḃfuirm próis aréir. Ní cóir dúinn taisbeánt do ḋaoiniḃ go ḃfuil ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ ag cailleaḋ an ḃeagáin céille a ḃí aici ċeana. Tá rud eile le déanaṁ agat. Tionólfar Mná Freastail na gCat Fánaċ le ċéile i dTiġ an Árd-Ṁaoir ar a trí a ċlog. Sgríoḃ cúntas fán gcruinniú agus fá óráideaċa na mban uasal. Agus féaċ! Ná bíoḋ oiread agus focal grinn sa gcúntas. Ní réiḋtiġeann greann agus ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’ le ċéile.”
“Cia an caṫ marḃ a ṫug annso mé?” ar Caoiṁġín. “An duine céadna ag sgríoḃaḋ tuairisce an Oireaċtais agus cúntas ċruinniġṫe Ban Freastail na gCat Fánaċ! Is aisteaċ an oifig í seo.”
“Baḋ ṁaiṫ leat ḃeiṫ ṫuas sa Rotunda ar feaḋ an lae ag éisteaċt le píobaireaċt agus aḃránuiḋeaċt, agus ag caint le filiḋe agus le tinncéirí ó'n dtuaiṫ! Ní obair é sin, a ṁic ó. ‘Seirḃís agus saoṫar! Sin a ḃfuil uaim-se’ ars ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ.’”
Ag dul amaċ do Ċaoiṁġín smaoiniġ sé ar an obair aistiġ, ṡuaraiġ a ḃí aige le déanaṁ, mar ṫuairisgeoir, go minic: rudaí i ḃfad 's i ḃfad níḋ ba ṁeasa 'ná cúntas fá ċruinniú ar son na gcat fánaċ. Ba ṁinic dó a ḃeiṫ tuirseaċ di, ba ṁinic dó a ḃeiṫ ag gáiriḋe fúiṫe. Fairíor! Na laeṫeannta i gCluaintobair nuair ṡaoil sé gurḃ' ionann tuairisgeoireaċt agus litriḋeaċt!
Ċuiṁniġ sé um an am so ar an Aṫair Muiris agus an ċaint úd fá aisteoireaċt. ‘Is beag fear naċ ḃfuil ag déanaṁ aisteoireaċta, a gan ḟios dó féin, ar feaḋ a ṡaoġail.’