40
Tá an Canónaċ ag fáġail ‘paráiste’ annsin—béiḋ sé ag fágaint na h-áite seo i gceann tamaill. Tá an paráiste nua go h-an-ḃoċt, agus tá áṫas air dá ḃárr. Ḃíos ag ceapaḋ go mb' ḟearr dom éiriġe as an gcléirċeas a ḃí 'gá ḋéanaṁ agam agus oibriuġaḋ i n-aoinḟeaċt leis i measg na mboċt i n-Áṫ Ċliaṫ. Tá dúil ṁór agam i n-obair de'n tsaġas sin, agus tá sí ag teastáil go géar sa gcaṫair.”
Ċeap Caoiṁġín ar dtús naċ raiḃ Úna dáríriḃ, aċt ċuir sí 'na luiġe air go raiḃ.
“Ḃéiṫeá leaṫ-ṁarḃ i gceann tamaillín,” ar seisean. “Rud eile. Ní ḃéaḋ aon ṁaiṫeas i n-obair céad ban ar son na mboċt i mBaile Áṫa Cliaṫ. Teasduiġeann claoċlóḋ, mór-aṫarraċ ṡaoġail, annsin.”
“Ní fuláir dúinn tosnuġaḋ, a Ċaoiṁġín.”
“Ní h-í sin an obair atá róṁat, a Úna. Aċt nuair a ḃéas sinn pósta——”
“A Ċaoiṁġín Uí Ċearnaiġ, cuireann tú mórán spéise i ḃfeallsaṁnaċt, agus tá míniú fá leiṫ agat i gcóir a lán rudaí. Cia an ḃríġ a ḃaineann tú as sgéal Áḋaiṁ agus Éaḃa?”
Ḃí míniú agam tamaillín ó ṡoin, aċt fuaras amaċ nárḃ' é an míniú ceart nó an míniú iomlán é. Tá an sgéal loitiġṫe ar ṡliġṫiḃ. Tá morán sgéalta eile de'n tsaġas céadna ann——”
“Míneóċad an sgéal ar mo ṡliġiḋ féin,” ar Úna. “Ḃí fear óg agus bean óg ann. Ḃíodar ar stáid ṡonasaiġ, ġlan, ḟial, ḟileaḋta. Ṫáiniġ an ‘naṫair niṁe,’ agus——”
“Ní maiṫ liom an t-ainm sin ‘naṫair niṁe,’ a Úna ḋil. Ins na sgéalta ba ṡine ḃí ḋá ṡaġas naṫraċ, uasal agus íseal. Ṫug an ‘naṫair’ uasal tuigsin naoṁṫa, árd-eolus ó Neaṁ, do'n ḟear agus do'n ṁnaoi, nó má's maiṫ leat, do'n ċineaḋ daonna. 'San tsliġiḋ ċéadna ṫug Prometeus——”
“Fágaimís an ‘naṫair’ mar atá sí,” ar Úna, ag gáire ḋi. “Ní ṫeasduiġeann naṫair le h-aġaiḋ an ṁíniġṫe. Tosnóċaiḋ mé arís. Ḃí fear óg agus bean óg ann. Stáid ġlan, ṡonasaċ a ḃí orṫa. Ḃí árd-nádúir ins an mbeirt. Ḃí obair ṁór le déanaṁ aca, dá mb' áil leo í ḋéanaṁ, aċt ċóṁ maiṫ leis an árd-nádúir ḃí nádúir íseal, ṡaoġalta, ṁío-ċarṫannaċ ins an mbeirt. Faríor! do ṫréigeadar, do rinneadar dearmad ar an árd-nádúir. Do ċuireadar