Jump to content

Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/61

From Wikisource
This page has been proofread.

53

“Aċt ḃḟéidir go ḃfuil taiḋḃsí ar an taoḃ ṫall de'n uisge,” ar Seán.

“B'ḟéidir go ḃfuil agus b'ḟéidir naċ ḃfuil,” ar Máirtín. “Níor ċualas ariaṁ go raiḃ taiḋḃsí le feicsint ins na bailte móra. Aċt ḃíoḋ siad ann nó ḃíoḋ siad as ní orṫa-san a ḃéas Caoiṁġín ag cur síos.”

“Agus cé'n rud a mbéiḋ sé ag cur síos air?” ar duine.

“Ní ḟeadar,” ar Máirtín. “Ní léir dam cé an saġas áite í Tír na nÓg. Ní léir dam cad tá ceilte i n-intinn duine mar Ċaoiṁġín aċt ċóṁ beag. Aċt tá ḟios agam go maiṫ go ḃfuil rud mór dá ḋéanaṁ aige. Is iongantaċ an saoġal é. Támuid annso cois na teineaḋ, daoine simpliḋe mar atáimid, ag smaoineaḋ ar ṗrátaí agus ar ṗiseoga, agus tá obair dá déanaṁ i mBaile Áṫa Cliaṫ a ċuirfeas clú orainn go léir. Béiḋ gaċ aoinne sa gcaṫair ṁór dár molaḋ.”

“'Seaḋ,” ar Seán, “béiḋ éileaṁ mór i mBaile Áṫa Cliaṫ annsin ar ḃróga é láiṁ Ṁáirtín. Béiḋ siad ag teastáil ó gaċ fear uasal. Ní béiḋ tú i n-ann teaċt ar ċuairdiḋeaċt annsin, a Ṁáirtín, béiḋ tú ċóṁ gnóṫaċ sin.”

“Oċ is furus do ḋuine a ḃeiṫ ag déanaṁ grinn,” ar Máirtín, “aċt ní greann atá sa sgéal aċt glóire. Gan ḟios dúinn féin tá clú ár bparáisde bige ag fás do ló as d' oiḋċe, díreaċ mar a ḃíonn na bláṫanna ag fás faoi ṫalaṁ sa ngeiṁreaḋ, nuair naċ dóiġ le n-a lán againn go ḃfuil siad ann ar ċor ar biṫ. Is cóir dúinn ḃeiṫ áṫasaċ faoi an leaḃar mór——”

“Ṁuise, a Ṁáirtín a ċroiḋe,” ar Máire, máṫair Ċaoiṁġín, “is beag áṫas atá orm-sa faoi an leaḃar céadna, cibé rud atá ann nó as, agus is truaġ liom go ḃfuil Caoiṁġín i n-ann é sgríoḃaḋ, nó i n-ann aon leaḃar a sgríoḃaḋ. B'ḟearr liom gan dúil a ḃeiṫ aige i n-aon rud de'n tsórd sin, óir annsin ḃéaḋ sé annso i n-ár measg againn.” Agus do ċrom sí ar gol.

“Óċ, ná bíoḋ ceist ort, a Ṁáire,” ar Máirtín. “Tá Caoiṁġín ag déanaṁ go breáġ, agus níl Baile Áṫa Cliaṫ i ḃfad uainn. Aċt dar ndóiġ is deacair na mná do ṡásaṁ i gcoṁnuiḋe. Dá mbéaḋ mac agam-sa agus é i n-ann leaḃar do sgríoḃaḋ ḃéinn ag léimneaċ as mo ċorp.”

“Is suaraċ leaḃar do ċroiḋe ṁáṫar i gcóiṁṁeas le mac,” ar Máire. “Óċ is orm a ḃí eagla i gcoṁnuiḋe fá