58
Lá da raḃadar 'na suiḋe i ngleanntán áluinn, uaigneaċ cois na Bóinne ċuir sé i gcuiṁne do Úna an eagla agus an imniḋe a ḃí uirṫe roiṁ pósaḋ.
“Ní ṫuigim anois cad a ḃí orm annsin,” ar sise. “Aċt tá sé imṫiġṫe ar nós taiḋḃriḋ. Saoilim go ḃfuilim im' ḃeaṫaiḋ dáríriḃ fá ḋeoiḋ. Níor ṡaoileas gur ḃ'ḟéidir an oiread sin sonais a ḃeiṫ fá'n ngréin agus atá orm-sa.”
“Tá an sgéal céadna agam-sa,” adeir Caoiṁġín.
“Agus seo rud iongantaċ eile,” ar Úna. “Nuair ḃí sonas orm roiṁe seo ḃí eagla orm go n-imṫeoċaḋ sé. Níl aon eagla orm anois.”
“Ní dóiġ liom go ḃfuil ár sgéal-ne cosaṁail le sgéal aon ḃeirte eile dár ċualas tráċt air ariaṁ,” ar Caoiṁġín. “An ċéad uair do ċasamar ar a ċéile ṡaoileas go raiḃ sean-aiṫne againn ar a ċéile, agus go raiḃ cáirdeas croiḋe eadrainn i ḃfad roiṁe sin.”
“Adṁuiġim anois, rud nár adṁuiġeas dom féin ar dtús, gur ṫugas gráḋ ḋuit an ċéad uair,” ar Úna.
“Rinne mé aṁlaiḋ i do ṫaoiḃ-se,” ar Caoiṁġín. “Ḃí mo ḋúil ort o'n gcéad uair. Aċt ariaṁ roiṁe sin níor ċuireas an oiread sin suime i gcailíní agus do ċuireas i dtaiḋḃsí.”
“Níor ṫuigeas cé an saġas rud an gráḋ sul ar ċasamar ar a ċéile,” ar Úna. “Ṫuigeas go maiṫ é 'na ḋiaiḋ sin.”
“D'aiṫin ár n-anamanna a ċéile,” ar Caoiṁġín. “Táim fíor-ċinnte anois go ḃfuil aiṫ-ḃreiṫ ann.”
“Is iongantaċ an smaoineaḋ sin,” ar Úna. “Ċuir sé sgannraḋ orm ar dtús. Níor ṫuigeas i gceart é. Níor ḃ'eol dam gur ṁíniġis dom í, an difríġeaċt atá idir an ‘gnáṫ-ḋuine’ agus an ‘fíor-ḋuine.’ Ní ḟeadar go ḃfuil sé fíor, aċt tá sé an-iongantaċ. Is truaġ naċ gcuireann sinn go léir níos mó spéis ins an ḃ-‘fíor-ḋuine.’ Ba ṁinic nuair ḃí árd-áṫas orm duḃairt mé liom féin ‘cé'n fáṫ naċ ḃfuilim mar so i gcóṁnuiḋe, óir is é an “mé” céadna atá ionam i gcoṁnuiḋe? Agus má tá árd-áṫas orm aon uair aṁáin is féidir árd-áṫas a ḃeiṫ orm i gcoṁnuiḋe, agus annsin ḃéinn ar Neaṁ i gcoṁnuiḋe, ar ṡliġiḋ pé sgéal é.’”
“Feallsaṁ atá ionnat,” ar Caoiṁġín, agus ṗóg sé í.
“Má's feallsaṁna atá ionainn, a Ċaoiṁġín, is aisteaċ an dúil atá againn i bpóga. Níl teora linn.”