66
“Sgríoḃ sí an litir tamall maiṫ ó ṡoin, aċt ḃíos ag dul ó áit go háit, agus ní ḃfuaras í go dtí maidin indiu. Duḃairt sí go raiḃ trioblóid ṁór orṫa——”
“Mo léan-ċreaċ géar!” ar Máirtín. “Trioblóid níḋ ba ṫruime ní raiḃ ar ċroiḋe máṫar i gCluaintobair riaṁ.”
“I n-ainm Dé, a Ṁáirtín, cad tá dá ráḋ agat? Ná h-abair go ḃfuil aoinne aca marḃ.” Agus do ḃuail sé ar an doras.
“Níl aoinne aca marḃ, buiḋeaċas mór le Dia,” ar Máirtín, “aċt is iongnaḋ liom naċ ḃfuil an sgéal ar fad agat-sa, a Ċaoiṁġín.”
“Is annaṁ a fuair mé tuairisg ó Ċluaintobair,” ar Caoiṁġín. “Sgríoḃ na cailíní ċugam corr-uair ar dtús, aċt is fada ó ċuireadar oiread agus líne ċugam.”
“B'ḟéidir go raiḃ fáṫ faoi sin, a Ċaoiṁġín. Ḃí cráḋ croiḋe orra, agus is boċt a ḃí an saoġal aca san Oileán Úr go dtí le déanaiġe.”
“'San Oileán Úr!” ar Caoiṁġín, agus iongnaḋ an doṁain air. “Níor ċualas go raḃadar san Oileán Úr. Ná cailíní boċta!——”
“Ċualas do ṁáṫair ag ráḋ uair aṁáin nár ċeart an sgéal a ċur i n-úil duit fós. Ḃéaḋ sé ag déanaṁ buaiḋearṫa duit, adeir sí. Aċt ċeapas go raiḃ sé agat—agus sgéal na mbuaċaillí leis—i ḃfad roiṁe seo.”
“Sgéal na mbuaċaillí!” ar Caoiṁġín. “Ḃfuil Art agus Donnċaḋ imṫiġṫe mar an gcéadna?”
“Ċuadar leaṫ-ḃliaḋain roiṁ na cailíní,” ar Máirtín. “Táid go léir i mBoston. Agus is dóċa go ḃfuil d'aṫair agus do ṁáṫair ḃoċt ann anois——”
Do ṗreab Caoiṁġín. Is beag nár stad a ċroiḋe.
“M'aṫair agus mo ṁáṫair imṫiġṫe! I n-ainm Dé ḃfuil tú dáríriḃ, a Ṁáirtín?”
“Fairíor, a Ċaoiṁġín, táim lom dáríriḃ, agus tá mo ċroiḋe cráiḋte faoi ráḋ a's go ḃfuilim. D' imṫiġeadar coicṫiġeas ó ṡoin beagnaċ. B'in é an bárr donais orainn go léir.”
Níor laḃair Caoiṁġín ar feaḋ tamaill. Agus annsin nuair laḃair sé ṡaoil Máirtín gur “taiḋḃse goṫa” a ḃí aige.
“Tuigim anois rudaí nár ṫuigeas ċeana i litir mo ṁáṫar,” ar seisean. “Is náireaċ, is uaṫḃásaċ an sgéal é. Is orm atá an loċt ar mórán sliġte, aċt, ní raiḃ