71
“Ṫáinig fear óg annso oiḋċe Dé Luain, nó maidin Dé Mairt ba ċeart dam a ráḋ,” ar sise. “Ní ḟeadar cé h-é féin. Ḃí sé ag féaċaint go lag, tuirseaċ, brónaċ. Duḃairt sé go dtáinig sé ar a roṫar ó Ċluaintobair i gcóir traen na litreaċ go Baile Áṫa Cliaṫ, aċt ḃí sé ró-ḋéiḋeannaċ—deiċ nóimid nó mar sin; ḃí an donas ar an oiḋċe, agus ní raiḃ sé i n-ann siuḃal go mear. Duḃairt sé go mbéaḋ sé amuiġ i gcóir an ċéad traen eile ar maidin lá ar n-a ḃáraċ, aċt nuair ṫáinig an ṁaidin ḃí an fear boċt i gcruaḋ-ċás, agus tá sé i gcruaḋ-ċás ó ṡoin—fiaḃras inċinne air.”
Ḃain na focla deireannaċa geit ṁór as Úna.
“Cé an saġas fir é féin?” ar sise.
Ṫug an ḃean gearr-ṫuairisg di.
Do ṗreab Úna 'na seasaṁ.
“Ċuaiḋ m'ḟear-ċéile féin go Cluaintobair maidin Dé Luain,” ar sise. “Níor ṫáinig sé ar ais go Baile Áṫa Cliaṫ, agus tásg ná tuairisg ní ḟuaras air ó ṡoin. Tá mo ċroiḋe beagnaċ briste. Is cosaṁail gurab é an fear——”
“Go ḃfóiriḋ Dia orainn! Is aisteaċ an sgéal é,” arsa bean an tiġe ósda, ag preabaḋ . . .
Ċuadar suas na staiġrí. Ċuadar isteaċ i seomra mór. Ḃí banaltra 'na suiḋe cois leabṫa. Ḃí Caoiṁġín 'na luiġe sa leabaiḋ.
CAIB. a XXI.—AN FIAḂRAS.
An stáid 'na raiḃ Caoiṁġín ḃí sé go dona. Is beag nár ḃris croiḋe Úna an oiḋċe sin agus í ag freastail agus ag faire. Is iomḋa oiḋċe freastail de'n tsaġas céadna a ḃí roimpe.
Nuair d'ḟág Caoiṁġín slán aici i gCúige Ċonnaċt ní raiḃ rian ná cosaṁlaċt teinnis air gioḋ go raiḃ sé buaiḋearṫa brónaċ. Ḃí sé láidir go leor i gcóṁnuiḋe. Dá ḃríġ sin do b' iongnaḋ léi mar ṫuit sé ċóṁ breoiḋte sin go h-obann. Ċuir sí nóta ċun an Ċanónaiġ le cur i n-iúl dó cá raiḃ sí agus 'ġá ráḋ go raiḃ fiaḃras mór ar Ċaoiṁġín. Ċeap sí fós gur ċeart an sgéal a ċur ċun a aṫar agus a ṁáṫar. Ṁíniġ sí an ċeist do ṁuinntir an tiġe ósda, agus is orṫa ba ġearr an ṁoill teaċtaire a ċur go Cluain-