Jump to content

Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/83

From Wikisource
This page has been proofread.

75

“Tigeann fearg luinne orm anois agus arís faoi an oifig seo,” ar seisean. “Bím ar tí imṫeaċt aisti agus as Éirinn ar fad. Saoilim ar uairiḃ gur ionann an Diaḃal agus ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’! Tá sí amaideaċ, tá sí neaṁ-ṁisneaṁail, tá sí tíoránta.”

“Cad tá ort i n-aon ċor?” ar Caoiṁġín.

“Fearg,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Tá sé orm droċsgéal a ċur i n-úil duit. Níl leiġeas agam air.”

“Ní gáḃaḋ ḋuit an méid sin a ċur i n-úil dam,” ar Caoiṁġín. “Tuigim go maiṫ é.”

“Duḃairt me leat i litir a ċuireas ag triall ort tamall ó ṡoin go dtáinig sgannraḋ orṫa annso faoi an sgéal úd san uiṁir áiriṫe. Ċeapadar gur ‘fear contaḃarṫaċ’ a ḃí ionnat agus go raiḃ an donas déanta. Ḃíodar ag fanaṁaint le h-uain no ‘seans’ ċun an ruaig a ċur ort. 'Seaḋ. Níor ṫáinig tú ar ais nuair ḃí an obair críoċnuiġṫe agat i gCúige Ċonnaċt agus ní ḟuair mé tásg ná tuairisg ort no go raiḃ cúpla seaċtṁain caiṫte.”

“Ḃí fiaḃras inċinne orm,” ar Caoiṁġín.

“Tá ḟios agam go raiḃ,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir, “aċt ní raiḃ a ḟios agam ar dtús, agus ḃí iongnaḋ an doṁain orm faoi nár ṫáinig míniuġaḋ nó teaċtaireaċt éigin ċugam. Tar éis seaċtṁaine fuaras orduġaḋ ċun duine eile a ċur i do ṗost, agus b'éigin dom é ḋéanaṁ——”

“Aċt nuair ṫáinig eolus ar an stáid 'na raḃas——”

“Ḃí an duine eile san bpost,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir go brónaċ. “Níor ṁaiṫ liom an sgéal a ċur i n-úil duit ċóṁ fada agus do ḃí tú lag. Anois——”

“Níl post le fáġail agam,” ar Caoiṁġín.

“B'ḟéidir go mbéaḋ post le fáġail i gceann tamaill,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Déanfaiḋ mé mo ḋíṫċeall ar do ṡon. Aċt tá eagla orm go ḃfuil ár ‘ndaoine móra’ go mór i d'aġaiḋ mar ġeall ar an sgéal úd agus mar ġeall ar do ḃaraṁla agus do smaointe faoi go leor rudaí. Is fearr do ḋuine—fear páipéir nuaiḋeaċta go h-áiriṫe—gan a smaointe a noċtaḋ i n-Éirinn. Tá náiṁde an smaoiniġṫe ró-láidir.”

“Tá aṫrú ag teaċt ar Éirinn,” ar Caoiṁġín.

“Go mall,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Agus tá an ċuid is mó d' Éirinn feoċta ag an aineolas agus an