81
Úna i n-aoinḟeact le ċéile ar stáid naoṁṫa, ṡíorruiḋe. Sa réim seo féin ba ġlan, beannuiġṫe an gráḋ a ḃí eatorṫa.
Ċuaiḋ sé ar ais go Dúṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean.
CAIB. a XXV.—AIṪ-ḂEO.
Ar teaċt isteaċ do'n tigín do Ċaoiṁġín ṫáinig an Canónaċ síos na staiḋrí.
“I n-ainm an Tiġearna cá raḃais, a Ċaoiṁġín?” ar seisean. “Ḃí imniḋe ṁór orm i do ṫaoiḃ, agus ḃí Úna——”
“Ṡaoileas ar dtús go raiḃ mo ċroiḋe briste,” ar Caoiṁġín, “aċt buiḋeaċas mór le Dia táim i ḃfad níos láidire anois.”
“Is mór an truaġ faoi go ndeaċaiḋ tú amaċ,” arsan Canónaċ—“Is mór an dearmad do rinneamar go léir. Nuair ṫáinig Úna ċuice féin arís——”
“I n-ainm Dé, a Ċanónaiġ, an ḃfuilir dáríriḃ——”
“Ṫáinig sí ċuice féin,” arsan Canónaċ, “agus buiḋeaċas mór le Dia ḃí sí níḋ ba láidire 'ná mar ḃí sí le tamall maiṫ. Tá sí 'n-a codlaḋ go sáṁ anois. Tá an doċtúir imṫiġṫe. Tá sé sásta 'na aigneaḋ. Deir sé go ḃfuil biseaċ mór uirṫe.”
Do ṡuiḋ Caoiṁġín síos i gcaṫaoir. Idir iongnaḋ agus mór-ġáirdeaċas níor ḟéad sé oiread agus focal a ráḋ.
“Caiṫfiḋ mé imṫeaċt anois,” arsan Canónaċ. Is orm atá an t-áṫas. Aċt fan—tá sgéal again le h-innsint duit. Ḃí an oiread sin buaiḋearṫa orainn nuair ṫáinig mé isteaċ ar tuitim na h-oiḋċe gur imṫiġ sé glan as mo ċuiṁne. Ḃíos i n-oifig na ‘Sean-ṁná’ indiu. Ḃíos ag cainnt leis an eagarṫóir i dtaoiḃ na seanmóirí úd. Rinne mé tagairt duit-se agus do'n trioblóid ṁór a ḃí ort. Duḃairt sé nár ṫuig sé cionnus mar ḃí an sgéal ar aon ċor agus go raiḃ brón mór air mar ġeall ar do ċás. Taḃairfiḋ sé post áiriṫe ḋuit láiṫreaċ bonn má's maiṫ leat é.”
D'imṫiġ an Canónaċ annsin. Ċuaiḋ Caoiṁġín suas na staiġrí. Ṡaoil sé gur bealaċ go Neaṁ a ḃí ann.
Ċuaiḋ sé isteaċ go ciúin, socair sa tseomra. Ḃí Úna 'na codlaḋ, agus í go sáṁ. Do ṡuiḋ sé síos cois na leabṫa.