[ 195 ]
Seanfhocla.
- Leis an uile mhadadh a chnáimh.
- Bidhidh a chiall fhéin aig an uile dhuine ⁊ ciall air leith aig an fhear mhire.
- Ní fhuair an madadh ruadh teachtaire ní b’fhearr ná é fhéin.
- Margadh na bpáistí, leig domh, leigfidh mé duid.
- Is námhaid an chéird gan a feoghluim.
- Saoilidh an t-éan dubh gur b’é a éan fhéin an t-éan is báine air bith.
- Scéal do innse do chapall ⁊ an capall air tóin ann áirde.
- Níor mhisde do Pheadar Pól.
- Tús ceatha ceó.
- Cruinnighidh brobh beairt ⁊ líontar saic de phoiríní.
- Cuireann súil thnúiteach corp ’un na cille ⁊ mart ’un an phota.
- Is é mar tá fear na h-aon bhó. Tá sé faoi smacht aig fear an dá bhó. Acht an té a bhfuil aige an sé no an seacht, ní fhaghann sé ceart o fhear an naoi.
- Deir an cat, cé d’ith an t-im? na mná.
- Is fhearr do bhéith as an tír ná as an fhaisiún.
- Is galar do’n ghabhar nuair nach n-itheann sé eidhean.
- Bidhidh rath air raplachan ⁊ théid an streabhóg amudha.
- Gach éan mar oiltear ⁊ an naoscann san eabar.
- Ní seibhte air bith do bhéith folamh.
- An stráinséair i n-aice an dáinséair agus an bearach féaraigh i n-aice an dorais.
- Sé mar tá an t-an-eólaidh dall. Ní ghlacann sé comhairle o neach a maireann. Gan eolas is fearr leis do bhéith ná aidbheáil go bhfuil sé i n-ainbhfios.
- Dhá dtrian galair le h-oidhche, ghá dtrian gaoithe le crannaibh, dhá dtrian sneachta le sléibhte ⁊ dhá dtrian gréine le beanna.
- Dis nach gcuireann le chéile, fear na céille ⁊ fear na h-éigcéille, de bhrígh go saoileann fear na h-éigcéille gur b’e fhéin fear na céille.
- Ní truimide do’n loch an lach.
Ní truimide do’n each a shraon (shrian).
Ní truimide do’n chaora a h-olann
⁊ ni truimide do’n cholann ciall. - Is cosamhail le chéile an ball séire ⁊ a ghiolla. [ 197 ]
Riddles.
- Is lúgh ná luch, is aoirde ná each,
is gile ná gé, ⁊ bidhidh sé na dhiaidh sin dubh.
Áirne. - Bidhidh dorsóir carcair cruaidh san chroidhe.
Ní h-ésin dó-san, bidhidh sé maoth.
Seasaidh sé san dorus mar bhéidheadh báillidh teann.
Buailtear asteach é mar bhéidheadh ging.
Tigidh an pinneóir le n-a pheann.
Pollaidh ésean fríd a cheann.
Sciordaidh an gadaidhe ⁊ éirighidh an greann.
Stopalán an bhuideáil. - Ceathrar na rith, ceathrar air crith,
beirt ag deánadh an eólais, ⁊ lóibín air deireadh.
Bó.
Catches.
- Uisce bog air ghob an chapaill. Cumail go bog mín gob an chapaill.
- Is bog an fód é-seo faoi mo dhá chois. Ni buige é ná ’n fód tá láimh leis. Fód bog eadar dhá bhog. Is bug ⁊ is bug é an bogfhód.