Jump to content

Cnó coilleadh craobhaighe/14

From Wikisource
[ 27 ]

XIV.

COILIĊÍN COC

Do raġaḋ gasraḋ leanḃ i ndiaiḋ a ċéile, agus do ḃearfaidis ar rocaidiḃ a ċéile. Do ḃeaḋ an té baḋ ṁó aca i dtosaċ. Ṫaḃarfaiḋe an t-sean-ċearc uirri. Do ḃeaḋ duine eile annsin ná beaḋ ar an slaḃraḋ. Ṫaḃarfaiḋe coiliċín coc uirre. Do ṫaḃarfaḋ an t-sean-ċearc agus an coilliċín dá ainm orra féin i gan ḟios do an ċuid eile. Cuir i gcás go dtaḃarfaḋ an t-sean-ċearc Muiris uirri féin, agus do dtabarfaḋ an coiliċín Eiḃlís air féin. Do ṫiocfaḋ seisean agus broḋ tuiġe aige mara ṗíopa. Do ṫaḃarfaḋ sé gal do an t-sean-ċearc. Do ṫaḃarfaḋ sísin do an sicín baḋ ġiorra dí, mar is iad sin an lín beaḋ aici. Do ġeoḃaḋ gaċ aoinne gal as an bpíopa. Nuair ṫiocfaḋ sé go dtí an duine baḋ ṡia fiar, do ċaiṫfeaḋ seisean uaiḋ é. Do raġaḋ an coileaċ annsin d’iarraiḋ a ṗíopa ar an t-sean-ċearc. Do ḋéarfaḋ sí gur ṫug sí gal dé dá sicíniḃ ar fad. D’fiafróċaḋ sé annsin de an ċeann deiriḋ, cá raiḃ a ṗíopa, do ḋéarfaḋ sísin gur ċaiṫ sí uaiṫe ar an dtalaṁ é. Do ċromfaḋ seisean dá lorg. Mara ḃfuiġeaḋ sé é, do ḋéarfaḋ sé go gcaiṫfeaḋ sé sicín d’ḟaġḃáil in a áit, agus sásaṁ éigin do ḃeiṫ aige mar ġeall ar a ṗíopa. Do ḋéarfaḋ an t-sean-ċearc leis na sicíníḃ aireaċas maiṫ do ṫaḃairt dóib féin. Do ḃeaḋ sé ag [ 28 ]preabarnaḋ annsin, agus ag rioṫ ṫimċeall d’iarraiḋ teaċt ar ċeann de na sicíníḃ, agus do ḋéarfaḋ sé, “ġeoḃad-sa cearc, mar is mé an coilliċín coc.” Do ḃeaḋ an lín ar fad as diaiḋ na circe agus iad ag rioṫ anonn ’s anall, soir ’s siar. Do ḃeaḋ an t-sean-ċearc a ráḋ, “ní ḃfuiġḃir-se cearc, a ċoiliċín coc, is aoirde mise ná coiliċín coc, liom-sa an lín, a ċoiliċín coc.” Má ġeoḃaḋ sé teaċt ar ċeann aca, do ċuirfiḋe ceist air sa t-sliġiḋ ná haireóċaḋ an ċuid eile é, “cia aca b’ḟearr leat Muiris nó Eiḃlís?” Má ḋéarfaḋ sé Muiris, do ḃeaḋ sé ag an ċearc i gcoṁnaiḋe. Má ḋéarfaḋ sé Eiḃlís, leis an gcoiliċín do ġeoḃad sé. Do leanfaiḋe air mar sin, go mbeaḋ beirṫe orra ar fad ag an ċoiliċín agus a roġa déanta. Cuir i gcás go dtuitfeaḋ cuid aca ċum an ċoiliċín do riṫfeaḋ an ċearc d’iarraiḋ iad do ḃaint dé, agus d’éireóċaidís ċum a ċéile ag smaċtuġaḋ a ċéile agus do ḃeaḋ deireaḋ leis an súgraḋ annsin.