28
preabarnaḋ annsin, agus ag rioṫ ṫimċeall d’iarraiḋ teaċt ar ċeann de na sicíníḃ, agus do ḋéarfaḋ sé, “ġeoḃad-sa cearc, mar is mé an coilliċín coc.” Do ḃeaḋ an lín ar fad as diaiḋ na circe agus iad ag rioṫ anonn ’s anall, soir ’s siar. Do ḃeaḋ an t-sean-ċearc a ráḋ, “ní ḃfuiġḃir-se cearc, a ċoiliċín coc, is aoirde mise ná coiliċín coc, liom-sa an lín, a ċoiliċín coc.” Má ġeoḃaḋ sé teaċt ar ċeann aca, do ċuirfiḋe ceist air sa t-sliġiḋ ná haireóċaḋ an ċuid eile é, “cia aca b’ḟearr leat Muiris nó Eiḃlís?” Má ḋéarfaḋ sé Muiris, do ḃeaḋ sé ag an ċearc i gcoṁnaiḋe. Má ḋéarfaḋ sé Eiḃlís, leis an gcoiliċín do ġeoḃad sé. Do leanfaiḋe air mar sin, go mbeaḋ beirṫe orra ar fad ag an ċoiliċín agus a roġa déanta. Cuir i gcás go dtuitfeaḋ cuid aca ċum an ċoiliċín do riṫfeaḋ an ċearc d’iarraiḋ iad do ḃaint dé, agus d’éireóċaidís ċum a ċéile ag smaċtuġaḋ a ċéile agus do ḃeaḋ deireaḋ leis an súgraḋ annsin.
SEAN-ĊAINT
1. An sean-ṫoġa ḃíonn ar na prátaíḃ:—
An ċéad toġa ċum díola,
An dara toġa ċum bíḋ,
An tríoṁaḋ toġa ċum síl,
Cleaḃráin ṁuc annsin, ginidíos cearc agus
screalla laċan.
2. Fear an-ċruaiḋ ba eaḋ é. Do ḃí cuideaċta ar dínnéar aige. Ní ḃfuiġḃeaḋ a ḃean aon rud do ḋéanaṁ aċt mar ḋéarfaḋ sé léiṫe. Aduḃairt sé léiṫe blúire ime do ċur ar an mbórd go dtí an ċuideaċta. Ní raiḃ ó an mbean aċt an focal d’faġḃáil. Do ḃí sí ag taḃairt iomarca de an im léiṫe. Níor ṫaiṫnig sin le n-a fear. Do ḃí an