29
leanḃ ar a ġlún aige agus é dá ḃréagaḋ. Do ċrom sé ag crónán dó agus dó ḃí sé ’á ráḋ: “Éadtrom éadtrom leaṫ-is-tiar ṫimċeall, is mó rud ḋéarfaḋ fear an tiġe ná cuirfeaḋ bean an tiġe suim ann.” Ní ṫug an ḃean aon ċluas dó. Ṫug sí léiṫe an t-im go fairsing.
3. “Neart ’na láṁaiḃ naċ (.i. áit) aṁáin an ṁias,” .i. congnaṁ mór fear ḃíonn ó an ḃfeirmeoir aċt ní leigfeaḋ a ċroiḋe cuṁang dó iad do ċoṫuġaḋ.
4. Bád do ḃí ag baint trioscair í seo amaċ go dtí na cloċa duḃa. Do ċuaiḋ bean leo ag baint báirneaċ. Do ċuireadar amaċ ar an gcarraig í agus do ċuadar féin fá ḋéin an trioscair. Ar a gcasaḋ dóiḃ níor ċuiṁniġeadar ar an mbean do ṫaḃairt leo agus do ḃí sí ar an gcarraig. Do ḃí an taoide ag líonaḋ. Do ḃí an ḃean ḃoċt ag liúġairig agus ag sgréaċaḋ. Ba ṫoil le Dia go raiḃ bád eile ag gaḃáil tóisde (.i. tairse) agus do ṫógadar í. Do ḃí fear sa mbád agus do ḋein sé an reaṁán so (.i. an rann so): -
A Ḋéagláin Uí Ḋálaiġ céad smál ort ’s deacair
D’fág tú do ṁáṫair ag baint ḃáirneaċ ar an
gcarraig,
Ḃeaḋ sí siúd báiḋte agus snáṫa[1] fá n-a teangain
M’reaċ (.i. muna mbeaḋ) rángaiġ (.i. ráinig) sa
mbéad Seán rábaċ a Meaċair.
Mac do an mbean ba eaḋ Déaglán a Dálaiġ. Do ḃí sé sa mbád d’fág a ṁáṫair ar an gcarraig.
5.
Séamus a Dálaiġ agus mála mine aige,
Ḋá ċéad ṗráta sáiḋte sa teiniḋ aige,
Práta in a láiṁ agus práta dá iṫe aige,
Ṫaḃarfaḋ sé leaḃar go n-íosaḋ a ṫuilleaḋ aca.
6.
A ṗuisín mí-aṁa, a ṗuisín mí-aṁa,
Dá mbéad an cíor agam, ċíorfainn do ċeann.
- ↑ Go mbeaḋ sí ag caint.