Muintir Bhaile Átha Cliath/An Teach Lóistín
AN TEACH LÓISTÍN
Ba iníon le búistéir í Mrs Mooney.[1] Ba bhean í a bhí breá ábalta coinneáil rudaí faoina fiacail: bean thiomanta a bhí inti. Phós sí maor a athar agus d’oscail siopa búistéara gar do Shráid Ghairdín an Tobair. A thúisce is a fuair a athair céile bás áfach, d’imigh an diabhail air. D’óladh sé, dhéanadh creach ar an scipéid agus chuaigh i ndiaidh a chinn i bhfiacha. Ba bheag an mhaith é iallach a chur air séanadh an óil i bhfianaise an tsagairt: thosódh sé arís i gceann cúpla lá. Throideadh sé lena bhean os comhair na gcustaiméirí agus cheannaíodh drochfheoil, rud a mhill a ghnó. Rinne sé iarracht ar a bhean le tua búistéara oíche amháin agus b’éigean di an oíche a chaitheamh i dtigh comharsan.
I ndiaidh na heachra sin, níor chuireadar fúthu faoin díon céanna. Chuaigh sí faoi bhráid an tsagairt agus fuair scaradh óna fhear le cúram na bpáistí aici féin uaidh. Ní thabharfadh sí airgead ná bia dhó ná ní ligfeadh sí faoin díon céanna léi dhó; agus b’éigean dó glacadh le post mar bháille dá dheasca. Ba mheisceoir beag giobach cromshlinneánach é le haghaidh bhán agus croiméal bán agus le mallaí bána crochta os cionn a shúile beaga, a bhí liathdhearg; agus chaitheadh sé an lá ar fad ina shuí in oifig an mhaoir ag fanacht ar dhualgas oibre. [ 75 ]Ba fhorránach mór mná í Mrs Mooney. Bhailigh sí an méad airgid a bhí fágtha i ngnó na búistéireachta léi agus bhunaigh teach lóistín ar Shráid Hardwicke. Ba thurasóirí as Learpholl agus Oileán Mhanann agus, scaití, artistes as na hallaí ceoil iad a lóistéirí gearrthéarmacha. Maidir leis na lóistéirí fadtéarmacha, ba chléirigh as an chathair féin dóibh. Stiúr sí an teach go cliste, dian, daingean. Thuig sí cathain ligin cairde, cathain bheith dian agus cathain fulaingt le rudaí. The Madam a thugadh na lóistéirí fadtéarma uile uirthi.
D’íocaidís fir óga Mrs Mooney cúig scilling déag in aghaidh na seachtaine do bhia agus leaba (gan beoir ná leann dubh ag am dinnéir a chur san áireamh). Bhí dúil acu sna rudaí céanna, bhí an tslí bheatha céanna acu go léir agus bhíodar an-mhór lena chéile dá bharr. Phléidís seansanna roghanna an phobail sna rásaí capall agus seansanna na gcapall nach raibh tóir orthu. Jack Mooney, mac an Madam, ar chléireach ag gníomhaire coimisiúin ar Shráid na Toinne é, bhí sé de cháil air gur bhuachaill báire é. Bhí gach aon gháirsiúlacht ar bharr a theanga aige mar a bheadh ag saighdiúir: bhí sé de nós aige teacht abhaile i gcroílár na hoíche. Bhíodh scéal grinn aige dá chairde i gcónaí agus bhíodh eolas aige faoi rud dealraitheach i dtólamh – is é sin, capall nó artiste a raibh gealladh faoi. Bhí dorn maith aige i gceann troda freisin agus ghabhadh sé amhráin grinn. Ba mhinic teacht a bhíodh le chéile i seomra caidrimh Mrs Mooney ag aghaidh an tí. Sheinneadh ceoltóirí an halla ceol dóibh; agus sheinneadh Sheridan válsaí agus polcaí agus réthionlacain. Chanadh Polly Mooney freisin, iníon an Madam. Ghabhadh sí: [ 76 ]
- "Is... raiteog mé.
- Ní call a shéanadh:
- tá 'fhios a’t é."
- "Is... raiteog mé.
Ba chailín seang naoi mbliana dhéag d’aois í Polly; bhí gruaig mhín éadrom agus bhí béal beag bruasach aici. Súile liatha le hoiread na fríde de dhath glas a bhí aici. Bhí nós aici caitheamh sracfhéachana in airde nuair a labhraíodh sí le daoine, rud a chuir cuma Maighdine Muire bige saoibhe uirthi. Chuir Mrs Mooney a hiníon ag obair mar chlóscríobhaí in oifig cheannaí arbhair ar dtús ach, toisc go dtugadh maor míchlúiteach cúirt uirthi a iarraidh cead cúpla focal a rá lena iníon, thug sí a hiníon abhaile arís agus chuir i mbun obair an tí. As siocair gurbh an-spleodrach í Polly, ba é an rún a bhí ann, teacht gan srian ar na fir óga a thabhairt di. Thairis sin, taitníonn sé le fir nuair a bhíos bean óg ina measc. Ar ndóigh, rinne Polly spallaíocht leis na fir óga, ach bhí a fhios ag Mrs Mooney, arbh mheastóir maith daoine í, nach raibh i gceist ag na fir ach an t-am a mheilt: ní raibh duine ar bith díobh dáiríre fúithi. Is amhlaidh a lean rudaí ar aghaidh ar feadh i bhfad agus thosaigh Mrs Mooney ag machnamh ar Polly a chur ar ais ag obair mar chlóscríobhaí nuair a thug faoi deara go raibh rud éigean ar siúl idir Polly agus duine de na fir óga. Choimhéad sí ar an bheirt díobh agus choinnigh a hintinn aici féin.
Bhí a fhios ag Polly go raibh sí á coimhéad, ach fós ba bhreá shoiléir é céard ba bhrí le tost seasmhach a máthar. Ní dhearna an mháthair agus an iníon comhpháirteachas, comhar ná socrú, ní raibh tuiscint oscailte dá laghad eatarthu, ach fós féin, in ainneoin gur thosaigh daoine sa tigh ag [ 77 ]caint faoin chaidreamh, níor chuir Mrs Mooney isteach air. D’éirigh Polly pas beag coimhthíoch agus ba léir go raibh faitíos ar an fhear óg. Faoi dheireadh, nuair a mheas sí go raibh an nóiméad ceart tagtha, rinne sí rud faoi. Chaitheadh sí le fadhbanna morálta mar a chaitheas tua búistéara le feoil: agus sa chás seo bhí sé socair ina hintinn aici.
Maidin gheall thús an tsamhraidh a bhí ann agus bhí cosúlacht teasa uirthi ach bhí leoithne láidir gaoithe ag séideadh. Bhí gach aon fhuinneog sa tigh lóistín ar oscailt agus líon na cuirtíní lása i dtreo na sráide faoina saiseanna arda. Bualadh clog [Saint] George’s Church[2] arís agus arís eile agus thrasnaigh a lucht freastail an cóngar bóithre os a chomhair ina ngúpaí agus ina n-aonar. Ba léir a rún óna n-iompar stuama agus ó na leabhair bheaga ina lámha. Bhí cuid na maidine thart sa tigh lóistín agus bhí tábla an tseomra bricfeasta lán le plátaí a raibh stríoca buí uibhe agus ruainní beaga de shaill bhagúin agus de chraiceann bagúin orthu. Shoiprigh Mrs Mooney í féin sa chathaoir uilleann tuí gur amhairc ar Mary agus ise ag bailiú na ngréithe bricfeasta. D’ordaigh sí bailiú le chéile na gcrústaí agus an bhruscar aráin do Mary chun a gcurtha le harán ar bhainne Dé Máirt. Nuair a bhí an bord glanta, an bruscar aráin bailithe, an siúcra agus an t-im curtha faoi ghlas, thosaigh sí ag cuimhneamh siar ar an agallamh a bhí aici le Polly an oíche roimhe. Bhí rudaí faoi mar a mheas sí: níor chuir sí fiacail ina ceisteanna agus níor chuir Polly fiacail ina freagraí. [ 78 ]Bhí beagán aiféaltais orthu beirt, ar ndóigh. Cuireadh aiféaltas uirthise óir níor mhaith léi go mbeadh cuma ró-fhuarchroíoch uirthi agus í ag éisteacht leis an nuacht ná go síltí gur lig lenar tharla d’aon turas, agus cuireadh aiféaltas ar Polly ní amháin de bhrí go gcuiridís tagairtí dá leithéid aiféaltas uirthi i gcónaí, ach freisin óir nár mhaith léi go síltí gur thomhais, agus a soineanta, críonna is a bhí sí, gur thomhais an rún taobh thiar de chaoinfhulaingt a máthar.
Le dúchas, chaith Mrs Mooney súil ar an chlog beag óraithe ar an mhatal a thúisce is a mhothaigh sí trína machnamh gur stop cloig George’s Church ag bualadh. Bhí sé seacht nóiméad déag tar éis a haon déag: bheadh neart ama aici chun dul i ngleic le Mister Doran[3] agus ansin bheith in am d’Aifreann Gairid Mheán Lae ar Shráid Mhaoilbhríde. Ise a bhuafadh, bhí sí cinnte dhe. Ar an chéad-dul síos, bhí tuairim an phobail ar fad léi: bá mháthair í a cuireadh le buile de bhrí go ndearnadh éagóir ar a hiníon. D’fháiltigh sí isteach ina teach féin é, ar an tuiscint gurbh fhear é a bhí scrupall ann, agus is amhlaidh gur tháinig sé i dtír ar a cineáltas. Bhí seisean cheithre nó chúig bliana déag is fichid d’aois, mar sin ní leithscéal ar bith dó baois na hóige ó tharla go raibh roinnt taithí aige ar an tsaol. Tháinig sé i dtír ar a óige is a bhí Polly agus ar a easpa cleachta ar an tsaol, sin a bhí faoi: ba shoiléir é. Ba í an cheist: cén cúiteamh a dhéanfadh sé?
Caithfear tabhairt cúitimh i gcásanna mar é. Is méanar don fhear: tig leis dul ar a bhealach faoi mar nár tharla tada, i ndiaidh dó baint [ 79 ]a sheal suilt, ach is í an cailín is mó a bhios thíos leis. Is leor le roinnt máthar réiteach an scéil le suim airgid; bhí roinnt cásanna dá sórt ar eolas aici. Ní dhéanfadh sise amhlaidh áfach. Ní raibh ach aon chúiteamh amháin, dar léise, a d’íocfadh as an mhíchlú a tarraingíodh ar a hiníon: pósadh.
Mheas sí a cártaí go léir arís eile sular chuir sí Mary suas chuig seomra Mr Doran a rá leis gur mhian léi labhairt leis. Bhí sí cinnte go mbuafadh sí. Fear stuama a bhí ann, ní raibh sé ragairneach ná callánach mar a bhí an chuid eile dhíobh. Dá mba Mr Sheridan ná Mr Meade ná Bantam Lyons a bhí i gceist, bheadh obair níos déine aici. Níor dóigh léigh go dtabharfadh sé dúshlán bhéal an phobail. Bhí cur amach éigean ag na lóistéirí uile sa tigh faoin chaidreamh; cumadh sonraí le cuid díobh. Ar aon nós, bhí sé fostaithe ag oifig mhór Chaitliceach Cheannaí fíona le trí bliana déag anuas agus b’fhéidir go gcaillfeadh sé a phost dá dtéadh an scéal i mbéal an phobail. Dá ngéilleadh sé, seans go mbeadh gach aon rud ceart go leor áfach. Bhí a fhios aici go raibh slí bheatha mhaith aige agus bhí sí den tuairim go raibh roinnt airgid curtha i dtaisce aige.
Bhí sé nach mór leathuair tar éis! Sheas sí suas agus thug súil ghrinn uirthi féin sa scáthán piara. An dreach diongbháilte ar a haghaidh mhór chíríneach, thug misneach di agus smaoinigh sí ar roinnt máithreacha ar aithne aici nár éirigh leo cur i gcrích a gcúram iníonacha.
Bhí an-imní go deo ar Mr Doran an mhaidin Dé Domhnaigh seo. Rinne sé dhá iarracht ar a bhearradh ach bhí an oiread sin creathadh ina láimh is gurbh éigean dó éirí as. Sheas cluimhreach [ 80 ]féasóige rua trí lá amach ar a ghiall agus chruinnigh ceo ar a spéaclaí gach dhá nó trí nóiméad sa dóigh is go raibh air a mbaint de a ghlanadh le ciarsúr póca. Ábhar céasta aige ab ea cuimhne na hoíche roimhe sin; tharraing an sagart gach uile shonra seafóideach den scéal de agus rinne chomh mór marfach dá pheaca ag an deireadh go raibh sé buíoch den deis cúitimh a dheonaigh sé dhó. Bhí an dochar déanta anois. Céard eile a d’fhéadfadh sé déanamh anois ach a pósadh nó dul ar a theitheadh? Ní fhéadfadh sé éirí thuas ar a sháinn. Ba é ba dhóichí go mbeadh an scéal ina údar cainte agus níor mhó ná go bhfaigheadh a fhostóir gaoth dhe. Sin é a bhige is atá Áth Cliath: bíonn fios ag madraí an bhaile fút. D’éirigh a chroí ina bhéal agus é ag samhlú glór grágach Mr Leonard ag fógairt: “Cuir Mr Doran isteach chugam, le do thoil.”
A bhlianta fada seirbhíse go léir curtha ó mhaith! A dhlús oibre is a dhílseacht ar fad caite san aer! D’imir sé a bháire baoise agus é ina fhear óg, ar ndóigh; mhaíodh sé as saoirse a hintinne agus shéanadh Dia lena chomrádaí sna tithe tábhairne. Bhí sé réidh leis an tsaol sin ar fad anois áfach... beagnach. Cheannaíodh cóip den Reynold’s Newspaper gach seachtain fós ach chomhlíonadh a dhualgais reiligiúnacha agus chaitheadh gnáthshaol naoi ndeichiú den bhliain. Bhí dóthain airgid aige chun socruithe síos; níorbh í sin an fhadhb. Ach bheadh cor ina sróin ag a mhuintir chuici. I dtosach báire, bhí an t-athair míchlúiteach ann, agus ansin bhí teach lóistín na máthar ag tosú ag tarraingt [ 81 ]clú áirithe air féin. Chonacthas dó gur bualadh bob air. Shamhlaigh sé a chairde ag caint faoin eachtra agus ag gáire fúithi. Bhí sí ábhairín comónta; scaití dúirt sí “I seen” agus “If I had’ve known.” Ach nach cuma faoin ghramadach dá mbeadh sé i ngrá léi dáiríre? Níor léir dó cé dhíobh ar cheart dó bheith buíoch dhí nó ar buille léi mar gheall ar a rinne sí. Ar ndóigh, bhí a pháirt féin ann. Is éard a dúirt a nádúr is a dhúchas leis, fanacht saor, gan dul faoi fháinne an phósta. Bíonn do chosa nite a thúisce is a phósair, a deir a chroí.
Chnag sí ar an doras gur chuaigh isteach fad a bhí seisean ina shuí in éadóchas faoi léine agus faoi bhrístí ar chiumhais na leapan. D’eachtraigh sí an tiomlán dó, gur admhaigh sí gach uile rud dá máthair agus go labhródh a máthair leisean an mhaidin sin. Bhris a gol uirthi agus chaith sí a lámha timpeall ar a mhuineál, ag rá:
“Ó Bob! Bob! Céard a dhéanfad? Céard a dhéanfad ar chor ar bith?”
Chuirfeadh sí lámh ina bás féin, a deir sí.
Rinne sé tláithínteacht léi go lagmhisneach, ag rá léi gan bheith ag gol, go mbeadh gach aon rud togh, nach raibh aon chúis imní dhi. Mhothaigh sé crith a brollaigh tríd a léine.
Ní airsean ar fad an locht faoinar tharla. Bhí cuimhne mhaith aige: cuimhne fhiosrach fhoighneach an bhaitsiléara ar an tionchar air ag an chéad-teagmháil fhánach a rinne a gúna leis, ag a hanáil, ag a méara. Ansin go déanach oíche amháin chnag sí go ciúin ar an doras agus eisean ag baint de a chuid éidí a dhul a chodladh. Is éard a bhí uaithi, athlasadh a coinnle ina sheomrasa ó tharla gur mhúch siota gaoithe í. Oíche a folctha a bhí ann. Bhí combing-jacket scaoilte [ 82 ]déanta de fhlainín priontáilte á chaitheamh aici. Bhí dealramh i ndroim a coise gile le feiceáil trí oscailt a slipéar clúmhach agus bhí luisne a fola ina cneas cumhraithe. Bhí boladh lag cumhráin as a lámha freisin agus í ag coinneáil na coinnle socair.
Sna hoícheanta a thagadh sé abhaile go déanach, ba ise a théadh a dhinnéar dó. Is ar éigean féin a bhíodh a fhios aige céard a bhí á ithe aige agus sise amháin lena ais sa tigh marbh. Agus a chineálta is a bhí sí. Dá mbeadh an oíche fuar nó fliuch nó gaofar ar dhóigh ar bith, bhíodh timbléar puins faoina choinne. B’fhéidir go mbeidís sona le chéile...
Théidís suas staighre le chéile ag deireadh na hoíche ar bharraicíní na gcos, coinneal an duine acu, agus ar an tríú léibheann d’fhágaidís slán lena chéile go drogallach. Thugaidís póg dá chéile. Ba chuimhin leis go grinn a súile, a lámh in a láimhse agus an rámhaille a bhíodh air...
Tránn rámhaille agus sceitimíní áfach. Rinne sé aithris ar a ráiteas siúd ós íseal, dá chur ina leith féin: “Céard a dhéanfad?” Thug nádúr an bhaitsiléara fainic air coinneáil glan ó phósadh. Ach ba léir an peaca dhó; thug go fiú amháin a chiall aige féin d’oineach le fios dó nár mhór éiric a íoc in a leithéid de pheaca.
Fad is a bhí sé ina shuí ar chiumhais na leapan, tháinig Mary don doras a rá gur theastaigh ón missus labhairt leis sa pharlúr. Sheas sé suas a chur a bhástchóta is a chóta air féin, é níos éidreoraí ná riamh. Nuair a bhí sé gléasta suas, tháinig ionsuirthi dá cur ar a suaimhneas. Bheadh sé ceart go leor, níor chúis imní é. D’fhág sé í ina dhiaidh ar an leaba agus í ag gol agus ag éagaoin: “A Dhia!” [ 83 ]D’éirigh a spéaclaí chomh dallta le taisleach ag dul síos staighre dhó is gurbh éigean dó a mbaint dá nglanadh. Bhí dúil dóite aige dul ar foluain san aer tríd an díon agus eitilt leis go tír eile nach gcloisfeadh sé choíche faoina sháinn inti, ach fós féin bhrú fórsa éigean síos staighre é céim ar chéim. Thíos faoi bhí dreach dúr a fhostóra agus na Mná Uaisle á choimhéad. Bhuail sé le Jack Mooney ag an chor deireanach staighre agus eisean ag dul suas le dhá bhuidéal Bass ón chuile ina lámha. Thugadar beannacht dá chéile go doicheallach; agus lonnaigh súile an lánúin ar aghaidh righin bulladóra agus ar lámha giortacha téagartha ar feadh dhá mheandair. Thug sé súil in airde ag bun an staighre gur chonaic Jack ag dearcadh air ó dhoras an tseomra bheag chor staighre.
Buaileann cuimhne é den oíche a rinne duine de na ceoltóirí halla ceoil, fear beag fionn as Londain, a rinne sé tagairt sách teanntásach do Polly. Dóbair nár thit an oíche airneáin as a chéile mar gheall ar fhoréigean Jack. Rinne gach aon duine iarracht chur foighne ann. D’fhan aoibh fhaiteach gháire ar an cheoltóir, a raibh dath níos báine ná mar ba ghnách air, agus dúirt arís agus arís eile nár mheas aon dochar a dhéanamh: ach lean Jack air ag béiceadh as go gcuirfeadh sé a fhiacla lofa síos a scornach ar aon duine a shílfeadh déanamh a leithéide d’ealaín lena dheirfiúr féin, dhéanfadh sé sin.
____________________________________
D’fhan Polly ina suí ar cholbha na leapan ag gol. Ansin thriomaigh sí a súile agus chuaigh anonn chuig an scáthán. Thum sí binn an tuáille sa chrúsca uisce a thabhairt suaimhnis dá súile ón [ 84 ]uisce fionnuar. D’amhairc ar thaobh a cinn sa scáthán agus d’athshocraigh a biorán gruaige os cionn a cluaise. Ansin d’fhill sí ar an leaba gur shuigh síos ag a bun. Dhearc ar na ceannadhairteanna ar feadh achair fada. Thugadar uaireanta rúnda lácha chun cuimhne dhi. Lig sí baic a muiníl anuas ar an ráille leapan iarainn fionnuair agus lig a smaointe ar fán. Ní raibh rian dá laghad buartha ina dreach níos mó.
D’fhan sí mar sin ag feitheamh, go soilbhir nach mór, gan imní gan scanradh uirthi. Ghéill a cuimhní cinn do dhóchas as an tsaol amach roimpi agus do bhrionglóidí ar an todhchaí. Bhí a brionglóidí chomh domhain is nár nár fhaca sí na ceannadhairt ar lonnaigh a súile orthu agus nár chuimhin léi céard leis a bhí sí ag feitheamh. Faoi dheireadh chuala sí a máthair ag glaoch uirthi. D’éirigh de phreab agus rith chuig na rungaí staighre.
“Polly! Polly!”
“Céard é, a mhamaí?”
“Tar anuas, a stór. Ba mhaith le Mr Doran labhairt leat.”
Ansin chuimhnigh sí ar cad leis a raibh sí ag feitheamh.
Gluais
[edit]- ↑ Bean [Inío]n Uí Maonaigh. Is é is dóchaí gurb as maon + ach a eascraíos an sloinne, mar leasainm ar dhuine balbh. Mar sin féin, dar le Surname Database, is leasainm muirnéise é maonach, nó leasainm ar dhuine shaibhir (i. Maoin). Ní dócha gur thoil Joyce an íoróin seo, ach cá bhfios?
- ↑ seanteampall a bhain le hEaglais na hÉireann ar Shráid Hardwick (barr Shráid an Teampaill). Ní teampall níos mó an foirgneamh seo: díoladh é mar gheall ar cheall airgid chun a dheisithe.
- ↑ An t-Uasal Uí Deoradhain - as 'deoradh' (i. deoraí)
This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only. | |||||
Original: |
| ||||
Translation: |
|