“An mar sin dhéanas sibhse canbhasáil,” ar Mr Lyons, “agus mise agus Crofton amuigh faoin fhuacht agus bháisteach ag iarraidh vótaí?”
“Téigh i dtigh diabhail,” ar Mr Henchy, “Gheobhainn níos mó guthanna in achar chúig nóiméad ná mar a gheobhadh an bheirt dhíobhse i seachtain.
“Oscail dhá bhuidéal pórtair, Jack,” a dúirt Mr O’Connor.
“Cén chaoi?” ar an seanfhear, nuair nach bhfuil corcscriú ann?”
“Fanaighí anois, fanaighí anois!” ar Mr Henchy, ag éirí dá chathaoir go tapaigh dhó. An bhfacabhair an cleas beag seo riamh?”
Thóg sé dhá bhuidéal ón bhord, agus, arna n-iompar chuig an tine, chuir ar an bhac. Ansin shuigh síos arís agus bhain slog eile dá bhuidéal. Shuigh Mr Lyons síos ar imeall an tábla, bhrúigh a hata siar go cúl a chinn agus thosaigh ag luascadh a chos.
“Cé dhíobh mo bhuidéalsa?” a d’fhiafraigh.
“Éistighí an garsún seo,” ar Mr Henchy.
Shuigh Mr Crofton síos ar bhocsa agus stán ar an bhuidéal eile ar an iarta. D’fhan sé ina thost ar dhá chúis. An chéad-chúis, agus ba leor sin mar chúis, ní raibh dada le rá aige; an dara chúis, mheas nach raibh a chompánaigh sách maith dhó. Bhíodh sé ina strucálaí do Wilkins, an Coimeádach, ach nuair a tharraing na Coimeádaigh a fhear amach agus, ag tógáil an rogha is fearr den dá dhíoga dhóibh, thugadar a dtacaíocht don iarrthóir Náisiúnach, cuireadh seisean ag obair thar cheann Mr Tierney.