Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/169

From Wikisource
This page has been proofread.

Tar éis chúpla nóiméad rinneadh torann leithscéalach “Poc!” ag preabadh don chorc ó bhuidéal Mr Lyons.

“D’insíos dóibh anois beag, Crofton,” a dúirt Mr Henchy, “go bhfuaireamar roinnt mhaith guthanna inniu.”

“Cé a fuaireabhair?” ar Mr Lyons.

“Is ea, duine amháin a fuaireas, Parkes, duine eile ná Atkinson, agus fuaireas Ward Shráid Dhásain. Seanbhuachaill breá é freisin – seanridire galánta cruthanta, sean-Choimeádach! ‘Ach nach Náisiúnach é bhur n-iarrthóir?’ a deir sé. ‘Fear creidiúnach é,’ a dúrasa. ‘Tá sé i bhfabhar pé ruda atá ina leas don tír seo. Is íocóir mór rátaí é,’ ar mise. ‘Tá gabháltas mór tithe sa chathair agus trí ionad gnó aige agus nach chun a leasa féin é coinneáil na rátaí go híseal? Is saoránach mór le rá é a bhfuil meas an phobail air,’ a dúras, ‘agus ball den Bhord Bardachta, agus ní bhaineann le páirtí ar bith, dubh, bán ná riabhach. Sin an dóigh é le labhairt leo.”

“Agus céard faoin aitheasc fáilte don rí?” ar Mr Lyons, tar éis dó ól dá bhuidéal agus tar éis flaspaíola dhó.”

“Éist liom,” a dúirt Mr Henchy. “Is éard atá de dhíobháil orainn sa tír seo, mar a dúras le Sean-Ward, caipiteal. Tiocfaidh meall mór airgid isteach sa tír seo mar gheall ar theacht an rí anseo. Rachaidh sé chun tairbhe saoránach Átha Cliath. Féach a liacht monarchan thíos ag na céanna ansin, agus iad díomhaoin! Féach an méad mór airgid atá sa tír ach cur ar siúl na sean-tionscal, na muilte, na longcheártaí