na focail liom ina bhéal áfach agus níor thuigeas cén fáth ar bhuail taom creatha é uair nó dhó faoi mar a bheadh eagla air faoi rud éigean nó faoi mar a d’éireodh sé fuar ar feadh scaithimh. De réir mar a lean sé air, thugas faoi deara go raibh tuin snasta ar a chuid cainte. Thosaigh sé ag caint faoi chailíní – a mhíne is a bhí a gcuid gruaige deise agus a mhíne is a bhí a lámha deasa. Dúirt go raibh gach uile chailín níos dána ná a cosúlacht, dá mbeadh a fhios ag duine. Ní raibh rud ar bith faoin spéir ba mhó a thaitin leis, a dúirt sé, ná breathnú ar chailín deas óg, ar a lámha deasa bána agus ar a cuid gruaige áille. Bhí an chuma air go raibh sé ag athrá rud a bhí foghlamtha de ghlan mheabhair aige, nó go raibh sé faoi dhraíocht ag focail áirithe a bhí á rá aige agus go raibh a chuid smaointe ag guairdeall go mall timpeall i lúb, mar a théadh pláinéad timpeall gréine. Amanna labhair sé mar a bheadh sé go díreach ag lua rud éigean a bhí ar eolas ag cách, amanna eile labhair sé de ghlór íseal agus go diamhair mar a bheadh sé ag nochtadh rúin dúinn nár mhaith leis dá gcloiseadh daoine eile é. Dúirt sé na habairtí céanna arís agus arís eile, dá malartú agus dá mburláil ina ghlór leamh. Níor fhág mo chuid súl bun na sleasa fad is a bhí mé ag éisteacht leis.
Tar éis tamaill fada stad a mhonalóg. Sheas sé aníos go mall, a rá go gcaithfeadh sé sinn a fhágáil ar feadh tuairim is nóiméad, cúpla nóiméad, agus, gan athrú a dhéanamh ar threo mo dhearcaidh, chonaiceas ag siúl go mall uainn chuig an taobh den pháirc ba ghiorra dhúinn. D’fhanamar inár dtost nuair a bhí sé imithe. Tar éis seal ciúnais de chúpla nóiméad, chualas Mahoney ag déanamh iontais: