Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/34

From Wikisource
This page has been proofread.

“Dar mo bhriathair! Breathnaigh ar a bhfuil á dhéanamh aige.”

“Leoga... is sean-josser[1] corr é!”

“Ar fhaitíos go bhfiafraí sé orainn cad is ainm dúinn,” a deirimse, “Murphy a bheas ortsa agus Smith a bheas ormsa.”

Ní dúramar aon cheo eile lena chéile. Bhíos ag dóbartaíl ar imeacht nó fanacht fós nuair a d’fhill sé agus shuí in aice linn arís. Is ar éigean a shuigh síos nuair a léim Murphy, a chonaic an cat a d’éalaigh uaidh, léim aníos agus chuaigh sa tóir uirthi trasna na páirce. D’amhairc an fear agus mise ar an tseilg. D’éirigh leis an chat éalú agus thosaigh Mahoney ag caitheamh cloch leis an bhalla ar dhreap an cat é. D’éirigh sé as sin agus thosaigh sé ag fánaíocht thart ag an taobh thall den pháirc gan chúis faoi leith aige.

I ndiaidh seal ama, labhair an fear liom. Dúirt sé gur bhuachaill an-bhithiúnta é mo chara agus d’fhiafraigh dhíom ar lascadh go minic é sa scoil. Bhíos ar hob a rá leis go diomúch nár bhuachaillí de Scoil Náisiúnta le lascadh sinn, mar a chuir seisean air, ach d’fhanas i mo thost. Thosaigh sé ag caint faoi smachtú buachaillí. Mar a bheadh a mheoin faoi dhraíocht arís ag a chuid cainte féin, taibhsíodh dhom go raibh sí ag guairdeall timpeall go mall ar a lár nua, arís agus arís eile. Dúirt sé go mba cheart buachaillí a lascadh, agus a lascadh go maith nuair is den chineál sin iad. Ní dhéanfaidh beart dá laghad eile maitheas do bhuachaill nuair is buachaill bithiúnta ainrialta é ach amháin lascadh breá trom. Ní raibh aon mhaith i mboiseog sa láimh ná smitín i mbun na cluaise: is éard a theastaigh uaidh ná goradh maith de lascadh.

  1. téarma béarlagair d’fhear – go háirithe d’fear baoiseach. B’fhéidir nach comhtharlúint gan bhrí é go bhfuil fuaim an fhocal josser cosúil le tosser