“Annsan do chuir an captaen stop leo agus dubhairt go raibh an bád lán a dóthain agus teacht isteach ’on bhád go mbeidís ag ciorrú na slí abhaile. Do dheineadar san gan mhoill agus dob’ eo leo ag fágáilt na cloiche agus a mbád mór lán de shaill aca agus scóp ortha chun bóthair abhaile.
“Agus iad ag casadh de dhruim poinnte de’n chloich chun scaoileadh amach fé’n mbágh, cad a bheadh ’n-a gcoinne ná an faireachán báid agus n’fheacadar féin a chéile go dtí san.
“Ropann an faireachán isteach ’n-a gcliathán láithreach agus deirid leo iad-san do chaitheamh isteach ’n-a mbád féin gan mhoill agus ná saorfadh san iad mar go gcaithfidís féin agus a mbád dul leo, tógtha; agus mara raghadh an siollán fé n-a muineál nár cheart dóibh gearán.
“Ach ní raibh fearaibh Dhúnchaoin ag caitheamh na n-éan isteach chúcha agus ó’n uair ná rabhadar do phreab fear ó’n bhfaireachán isteach ar bórd innti agus do cheangail sé téad ’na tosach agus do chromadar ar bheith ’á tarrac go tiugh agus go láidir idir bhád, fearaibh agus éanlaithe chun iad a thabhairt i dtír.
“Timcheall ceathramha mhíle bhí an gníomh san ar bun san am gur phreab fear i mbád na n-éan ’n-a sheasamh agus thug an tuagh do’n dtéid do bhí ar shniminne a bháid féin chun tosaigh agus do chuir san an faireachán chun buile feirge. Do chasadar thar n-ais ar bhád na n-éan agus dob’ eo innti isteach cuid aca agus b’eo ag tuargaint a chéile iad le maidí agus tuaighte agus gach gléiseanna eile do bhí le fagháil sa bhád nó gur bhaineadar fuil mhairt as a chéile.
“Do bhris bád na n-éan an cath ortha, cé gur dáréag i n-aghaidh hochtair a bhí ann. Do chuir an t-ochtar ó Dhúnchaoin an criú eile gan a bheith ábalta ar ghéag ná ar chos leo a chorruighe. Do phreabadar innti isteach agus do líonadar na poill isna h-ádhbhair agus do thairrigeadar tamall amach insa bhágh iad chun iad a scaoileadh leis an muir, idir chorp agus bhád, chun go mbeadh deire leo.
“Do bhí mac baintrighe insa bhád faire nár thóg cos ná