lámh leis chun a dtroid. ‘Sé an náire dhíbh mise do scaoileadh chun báis nár chuir aon chur ’steach oraibh,’ ar seisean.
“Dubhairt captaen an bháid eile leis: ‘Dá gcuirfaí an seol fé’n mbád duit an dóigh leat a’ mbainfá do thalamh féin amach fé’n seol?’ Dubhairt sé go mbainfeadh. Do chuaidh beirt isteach innti agus do chuireadar an seol i bhfearas do agus do thug aghaidh ar a thalamh féin léi. Do bhain bád Dhúnchaoin a calath féin amach goirtithe, gearrtha, laitithe agus an bád lán do chorraí saille aca, agus gan iad istigh leo féin.
“Agus,” arsa mise leis an bhfile, “a’ bhfuil aon chúntas agat ar bhád Uibh Ráthaigh?”
“Tá, an fear gur cuireadh an seol anáirde dho do bhain sé an talamh amach. Bhí beirt marbh agus cuireadh an chuid eile ’on óispidéal. Do chuaidh an tseilg chun fuaire ó shin agus ní raibh faire ar an gcloich ó shin ná níl aon duine ’á n-ithe súd, chuige, insa lá atá indiu ann,” arsan file.
Is breagh bog do chuir sé an méid sin cainnte dhe gan duadh, gan deabhadh. Annsan adubhairt, “B’fhéidir go mb’fhearra dhúinn portach beag eile do bhaint; is gearr go mbeidh sé i n-aimsir dinnéir,” agus phreab ’n-a sheasamh agus bhuail uaim suas.
Ar phreabadh im’ sheasamh dom féin ’n-a dhiaidh, nuair a chonnac mar a raibh an ghrian do bhíos mí-chéadfhach go maith—an chuid dob’ fhearr de’n lá meilte agus fós gan trí ualach an asail de mhóin bainte agam. Ca’il an saothar mór do bhí agam le déanamh agus me ag gluaiseacht ó’n dtigh ar maidin? Machtnamh eile do rith im’ aigne: an amhlaidh a bhíos féin ceapaithe ag an bhfile chun mo chuid aimsire a chur amú orm seachas aon duine eile do bhí san oileán; mar ná feicinn ag déanamh mór-ghnáth ar aenne eile é ach orm féin amháin. D’athruigh na smaointe ana-mhór me insa tslí gur cheapas dom féin, an chéad uair eile a thiocfadh sé treasna orm ná labharfainn focal leis agus annsan go