N. SO CATI LÍNA agus le Lentulus, agus Leis an méid eile acu n-a raiḃ iontaoiḃ aige as a ndánaċt agus as a dtapaṁLaċt agus duḃairt sé Leó díṫeaL a ḋéanaṁ ar ġustaL na ceiLge do neartú sa ċaṫair, bás an ĊonsuiL do ċur i n-áiriġṫe, gaċ aḋḃar báis agus teine agus gaĊ gníoṁ cogaiḋ do ḃeiṫ ULLAṀ acu, nár ḃ’ ḟada go dtiocfaḋ sé féin - ṫar n-ais ċun na caṫaraċ agus mór-ṡLuaġ aige.
- ooml An ḟaid a ḃí na neiṫe sin ar siuḃaL
sa Róiṁ ċuir Caius ManLius cuid d’á ṁuinntir féin ag trialL ar Ṁarcius Rer le teaċtaireaċt de’n tsórd so :- Dar déiṫe agus daoine, a Árd ṫaoisig, deiṁniġmíd duit, náĊ i n-aġaiḋ ár dtíre a ġlacamair-ne arm, ná ċun doċair ná díoḃáLa ḋéanaṁ d’aon duine, aċ aṁáin ċun ár gcorp féin do ċosaint ar eugcóir. Daoine boċta iseaḋ sinn atá i ngátar ċriiaiḋ, cuid againn gan tír, sinn go Léir gan ċuid gan ċLú, tré ḋéine agus tré ċruaḋas éiLteóirí airgid iasaċta. Ní raiḃ ar ċumas aoinne againn duL fé ċomairce na dLiġe, do réir nós ár sinsear, agus nuair a ḃí ár gcuid imṫiġṫe ní raiḃ as ár gcumas ár gcuirp do ċimeád saor, ḃí na h-éiLteoirí agus an praetóir ċóṁ fíoċṁar san. Is minic a ḋein ḃúr sínsear-sa fóiriṫint go h-aṫtruaġaċ ar ṗobuL na Róṁa Le dLiġṫiḃ. Agus Le fíor ḋéanaiġe, mar is cuiṁin Linn, do díoLaḋ an t-airgead bán Le h-airgead ruaḋ agus do ṁol daoine fóġanta an ḃeart san. Do ġlac na daoine arm go minic roimis seo agus d’imṫiġ- dar ó sna h-uaisLiḃ, le dúiL i ḃforLáṁas dóiḃ féin nú i ḃfeirg tré ṫírántaċt na n-uasaL. Ní saiḋḃreas ná forláṁas, na neiṫe is cúis ċogaiḋ