d’iarraiḋ dliġe ċur i ḃfeiḋm air nuair a ḃeiḋ sé curṫa ċun cinn. Nuair a tógfar an ċaṫair beiḋ deire Leis an muinntir a curfar fé ċois.
“Is mór agaiḃ-se ḃúr dtiġṫe cóṁnuiġṫe ḃúr dtiġṫe tuaṫa, ḃúr n-íṁáġṫa, ḃúr bpictiúirí. Is mó go mór agaiḃ iad ’ná stát na Róṁa. I n-ainim na ndéiṫe síoruiḋe, d’á ḃríġ sin, ó’s mór agaiḃ iad, pé saġas iad, iarraim oraiḃ, má’s maiṫ Liḃ greim a ċimeád orṫa, má’s maiṫ liḃ ḃúr bpléisiúr a ḃeiṫ agaiḃ ar ḃúr suaineas, preabaḋ as ḃúr gcodla Luaṫ nú mall agus feuċaint Ċun an stáit ! Ní cúrsaí cána ḋíol é. Ní cúrsaí eugcóra ar ċáirdiḃ é. Ár saoirse féin, ár n-anamnaċa féin, isiad atá i nguais.
“Is ró ṁinic, a Uaisle na Seanaide, do ḋeineas- sa, sa tseanaid seo, mórán cainnte de’n tsórd san. Is minic a ḋeineas gearán ar ċostas- aṁlaċt agus ar ṡainnt ár ndaoine. Tá a lán daoine d’á ḃríġ sin agus ní ṫaiṫnim-se leó. Duine nár ṫug cead saor riaṁ dom féin iiá dom ṁian féin, i n-aon ċoir, níor ḃ’ ḟuiriste liom, ní náċ ionġna, droċ ġníoṁ a ṁaiṫeaṁ do ṁian duine eile. Ba ḃeag agaiḃ-se neiṫe. de’n tsórd san. aċ ḃí an stát teann. D’ḟuilig an saiḋḃreas an neaṁṡuím. aċ anois, ní h-ar ḟeaḃas ná ar olcas ár mbeaṫa atáimíd ag tráċt ; ná ní h-ar ṁéid ná ar uaisleaċt ímpi reaċta na Róṁánaċ atáimíd ag tráċt; aċ air seo; an linn féin iia iieiṫe seo, pé saġas iad, nú an le n-ár naṁaid sinn féin agus iad i n-aonḟeaċt! Cé ṫráċtfiḋ liom-sa ar ċeann- saċt ná ar ṫruaġ agus san mar sin? Is fíor, áṁṫaċ, go ḃfuil na h-ainimneaċa cearta ar neiṫiḃ caillte againn le fada riaṁ. Má ḃíon duine rabairneaċ anois, ag rainnt coda an ḟir