gustail. -Is ar éigin atá ionainne e ċimeád sa ċruiṫ ’n-ar tugaḋ dúinn é.
“Agus an aṁlaiḋ a Leogfar dóiḃ imṫeaċt, agus sluaġ Catilína do ċur i méid? Ní h-eaḋ i n-aon ċor. Sidí mo ḃreiṫ. Tugtar a gcuid airgid do’n stát agus cimeádtar iad féin i ngeiṁliḃ in sna saor-ḃailtiḃ is neaṁspleáḋċaiġe. Ná ceaduiġtear d’aoinne feasta A gcás do ṫaḃairt os cóṁair na seanaide ná do ṗle os cóṁair na ndaoine. Aoinne a ḋéanfiḋ, bíoḋ se ’n-a ḃreiṫ seanaide gur gníoṁ i gcoinniḃ an stáit agus i gcoinniḃ leasa na ndaoine gníoṁ an duine sin.”
LII. Nuair a ḃí deire ráiḋte ag Caesar ḃí gaċ aoinne ag aontú do réir a ḃreiṫeaṁantais, buine mar seo agus duine mar siúd ; aċ nuair a n-iarraḋ ar Ṁarcus Porcius Cató a ḃreiṫ do ṫaḃairt do laḃair se mar seo:—
“Ní mar a ċéile i n-aon ċor an aigne a ḃíon agam-sa, a Uaisle na Seanaide, nuair a ṁaċt- nuiġim ar ár gcuid an tsaoġal agus ar an gcon- taḃairt ’n-ar cuireaḋ sinn, agus an aigne ḃíon agam nuair ḟeuċaim ar an mbreiṫ atá ag cuid againn ’á ṫaḃairt. Mar a ṁeasaim is ar an bpionós atá breiṫniú déanta ag an gcuid sin againn, ar an bpionós is ceart a ċur ar na daoiniḃ a ċeap léirsgrios cogaiḋ a ḋéanaṁ ar a n-aṫarḋa fein, ar a muinntir féin, ar a dteam- pulaiḃ agus ar a dtinteánaiḃ féin. Aċ ní h-ar an bpionós a curfar orṫa is ceart dúinn ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ aċ ar conus a ḋéanfimíd sinn féin do ċosaint orṫa. Cuir i gcás aon ċoir eile agus féadfir díoltas a ḋéanaṁ air nuair a ḃeiḋ sé déanta. mara gcoisgir an gníoṁ so sar a ndeanfar é beiḋ sé fuar agat ḃeiṫ a