Jump to content

Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/59

From Wikisource
This page has not been proofread.

CATILÍNA ÓS fé n-a láiṁ aige leis, agus go gcreidfí an ḃréag i rioċt na fírinne. Nuair a ḃeaḋ an gnó so mar ṡolaoid aige, fé reaċt seanaide, b’ḟéidir go noċtfaḋ an Consul san an claiḋeaṁ. Má ḋeinean, cé déarfiḋ leis stad ? Nú cé ḃainfiḋ uaiḋ ? “Ní raiḃ ar ár sínsear-na riaṁ, a Uaisle na Seanaide, aon easba dánaċta ná aon easba breiṫeaṁntais. Níor ċoisg uaḃar iad riaṁ ar nós iasaċta do leanṁaint má ba nós fóġanta é. Ṫógadar fuirm-a n-arm agus a ngaṫana cogaiḋ ó sna Samnítiḃ. Ṫógadar fuirm a gcóṁarṫaí oifig, an ċuid ba ṁo ḋíoḃ, ó sna Tuscaċaiḃ. An uile nós a ċonacadar ameasg carad ná ameasg naṁad, agus gur ṫuigeadar go raiḃ tairḃṫe ann, ḋeineadar lán díṫeal ar ḃeart a ḋéanaṁ d’á réir sa ḃaile. Ba ṫúisge leó aiṫris a ḋéanaṁ ar ḋaoiniḃ fóġanta ’ná ḃeiṫ ag formad leó. Aċ sa n-am gcéadna san, ag aiṫris ar nós na nGréag, do sgiúrsálaidís Róṁánaiġ agus ċuiridís ċun báis an t-é a daortí. Aċ nuair a ċuaiḋ an stát i méid agus, tré líonṁaireaċt na ndaoine, do neartuiġ buiḋeanta i gcoinniḃ a ċéile, do tosnuiġeaḋ ar uisge-fé-ṫalaṁ a ḋéanaṁ i gcoinniḃ an neaṁċionntaiġ, agus ar neiṫiḃ eile de’n tsórd san. Ansan do deineaḋ dliġe Ṗorcius, agus dliġṫe eile, agus do -luálaḋ do’n t-é a daorfí imṫeaċt ar díbirt. Measaim-se, a Uaisle na Seanaide, gur cúis ana ṁaiṫ ar fad dúinne an méid sin ċun sinn a ċosg ar aon riaġail nua do ċeapaḋ ḋúinn féin. Is léir gur mó an éirim aigne agus an tuisgint a ḃí ag ár sínsear ’ná mar atá againne. Do ċruṫ- nuiġdar súd an stát mórċóṁaċtaċ so a’ beagán