37
Cuṁaill, níl mé sásta go mbeaḋ a ḟios agam caidé an sórt fiacla atá aige."
Do ċuir sé a órdóg isteaċ i mbéal an leinḃ agus do luiġ an leanḃ ar an órdóig nuair fuair sé istiġ í agus do ḃain sé amaċ ó an alt dé í. Do sgréaċ sé, agus an sgréaċ do ċuir sé as, tugaḋ síos gur airiġeaḋ sa doṁan ṫoir í.
“Dar mo láiṁ-se ḋuit-se, a ḃean-tiġe Ḟinn Ṁic Ċumaill, go marḃóċaiḋ [muirḃfiḋ] mé an leanḃ.”
“Ná aduḃairt mise leat,” arsa an ḃean-tiġe, “gan bacaint [bacaḋ] le mo leanḃ, agus meireaċ tú do ḃeiṫ in do ḋuine gan ṁeas ort féin, ní hin iomaiḋ le bean agus le páiste raġṫá.”
“Atá an ceart agat gan daḃt,” aduḃairt sé, “agus ó atá an sgéal mar atá sé agus Fianna Éireann cóṁ maiṫ de ġaisgiḋeaċaiḋ teiċfiḋ mé uaṫa arís agus raġaiḋ mé a ḃaile ḋam féineaċ, aċt fé [sul] n-imṫeóċaiḋ mé is maiṫ liom go ḃfeicfinn stoc [eallaċ] Ḟinn Ṁic Cuṁaill.”
D’ḟiafraiġ sé ḋí, cá ngeoḃaḋ sé ċum an stoc d’ḟeicsint. D’innis sí ḋó é agus do ċuir sí ċúig ṁíle agus fiċe d’aisdear air agus do raġṫá go dtí an stoc i gcúig ṁíle. Ar an nóimeint ar imṫiġ sé, d’éiriġ Fionn Mac Cuṁaill amaċ as an gcliaḃán. Do ċuir sé cóta mór air agus súgán féir aniar ṫairis. D’imṫiġ sé leis na cúig ṁíle. Do ḃí an gaisgiḋeaċ, Illionn Iolċroṫaċ, tar éis na cúig ṁíle agus fiċe do ṫaḃairt isteaċ agus iad araon ag dul go dtí an stoc ion aoinfeaċt.
“Dia ḋuit, a aoġaire na mbó,” arsa an gaisgiḋeaċ le Fionn Mac Cuṁaill.
“Ó Dia ’s Muire duit,” arsa Fionn Mac Cuṁaill.
“An iad so stoc Ḟinn Ṁic Cuṁaill?” arsa an gaisgiḋeaċ. “Is breáġ an stoc beaṫaiḋeaċ,” arsa sé, “agus is ró-ḃreáġ an stoc iad,” arsa sé arís. Do ċrom sé ag seanċas do an aoġaire cad ḃain dó ag cuairt Ḟinn Ṁic Cuṁaill, “agus árd-gaisgiḋig seaḋ