38
iad,” arsa Illionn Iolċroṫaċ, “agus ó atáid siad ċoṁ maiṫ ’s atáid siad atá mé ag teiċeaḋ liom féin a ḃaile uaṫa. Ó atá mé ag imteaċt taḃarfaiḋ mé liom tarḃ ó Fionn Mac Ċuṁaill.”
“Masa féineaċ,” arsa an aoġaire, “ní taḃarfaiḋ, nó má ṫugann tú leat an tarḃ, taḃarfaiḋ tú mise leat.”
“Is beag an trioblóid liom tusa do ṫaḃair liom i ḃfoċair an tairḃ, pér sa doṁan dé.”
D’imṫiġ an gaisgiḋeaċ agus rug sé ar leaṫ-aḋarc ar an tarḃ agus ṫug sé tearsna seaċt n-acra talṁan de an iarraċt sin é. Do léim an t-aoġaire i n-a ḋiaiḋ agus rug sé ar an aḋarc eile an dá aḋairc ó n-a ċéile go rinneadar ḋá leaṫ ḋá ċeann agus riar tré n-a ḋrom gur sgoileadar siar go dtí an earball é. Do laḃair an gaisgiḋeaċ ḋá raḋ gurab é an t-aoġaire an fear ba láidre do-ċonnaic sé riaṁ, “agus nuair ná fuair mé liom an tarḃ,” arsa sé, “raġaiḋ mé ṫar n-ais go ḃfeicfiḋ mé Fianna Éireann.”
D’imṫiġ sé ṫar n-ais, agus ṫug sé na cúig ṁíle agus fiċe isteaċ, agus ní raiḃ déanta ag Fionn Mac Cuṁaill aċt aṁáin an cóta mór do ḃeiṫ bainte ḋé nuair do ḃí Illionn Iolċroṫaċ isteaċ i n-a ḋiaiḋ.
Do ḃeannuiġ sé do Fionn Mac Cuṁaill agus aduḃairt sé leis: “is dóċa gur tusa Fionn Mac Cuṁaill.”
“Is mé ċeana,” arsa Fionn Mac Cuṁaill.
“Atá uaim ort, a Ḟinn Ṁic Cuṁaill, mo ḋinnéar agus osdas na hoiḋċe.”
“Ġeoḃair agus fáilte,” arsa Fionn Mac Ċuṁaill, “agus níor leig Fianna Éireann fear ar biṫ riaṁ uaṫa fá ocras.”
Do ċuaiḋ Fionn Mac Cuṁaill annsin amaċ agus do ċuir an barr buaḃaill i n-a ḃéal. Do ṡéid sé é, agus d’aireóċṫaiḋe an barr buaḃaill i gceiṫre rann-