43
orm le mo laiġead. Aċt do lean mé iad aon lá aṁáin. Do ḃíodar ag imṫeaċt riaṁ agus ċoiḋċe gur ċuadar go dtí caisleán ḃí ar ḃruaċ na fairrge. Do ḃí duḃaḋ na gcnoc agus na mbánta do ḋaoiniḃ ar an áit sin agus sé rud ḃíodar a [do] ḋéanaṁ ná ag caiṫeaṁ brón ṁuilinn i gcoinne an ċaisleáin, agus an té is aoirde ċuirfeaḋ í, do ḃí an Rí ċum a inġean do ṫaḃairt dó le pósaḋ. A Ḟinn Ṁic Cuṁaill,“ arsa sé, “do ḃí na fir coṁ mór coṁ garḃ sin agus ná fuiġḃinn teaċt ar an mbróin. Do ḃí mé i ḃfad ag fuireaċ [fanaṁain], aċt sa deireaḋ ṫiar ṫall ṫug mé léim as mo ċorp agus do láṁaiġ mé an ḃró ar ṫeaċt ċum talaṁ dí. Do ċaiṫ mé as mo láiṁ ḋeis í i gcoinne an ċaisleáin agus do ċuir mé glan ar an taoḃ eile í. Fé [sul] ráinig dí dul ar talaṁ, do ġaḃas i mo ċiotóig í, agus, a Ḟinn Ṁic Cuṁaill, do rinne mé an obair sin léiṫe naoi n-uaire. Do ċuir an óig-ḃean a ceann amaċ i mbárr an ċaisleáin nuair do-ċonnaic sí an ġaisge dá ḋéanaṁ, agus, a Ḟinn Ṁic Ċuṁaill, nuair do-ċonnaic mé breáġaċt na mná do léim mé as mo ċaḃail i gcoinne an ċaisleáin, do ċuir mé mo láṁ in a crios agus do ṫógas liom ar mo ḋrom í ar éigean tré an dúṫaiġ. Do ċuaḋas go dtí bruaċ na fairrge. Do rinneas curraċán, agus do ċuaḋas isteaċ innte, agus d’imṫiġeamar linn ċum fairrge. Nuair do ċuaḋmar in imigcéan [in imċéin] ó ḃaile do-ċonnacamar an spéir ag dorċuġaḋ ós ár gceann. Do ṫúirlinn anuas ċuġainn sa ċurraċán sean-duine beag liaṫ agus rug sé orm agus ar mo ṁnaoi breaġ deas ar ġlaoḋaidís mar ainm uirre Réalṫa na Maoin. Do ċeangail sé ár láṁa agus ár gcosa ḋá ċéile, agus d’árduiġ sé leis sinn in áirde san aer. Do sgaoil sé an curraċán le taoide agus le mórḟairrge, agus do ṫug sé leis isteaċ sinn ċum tíreaċ. Do ċaiṫ sé mé in áirde i gcúl sean-ċéardċan, agus ṫug sé leis mo ḃean agus do ḃain sé an ḟuil aiste,