44
agus do rinne claiḋeaṁ ḃí aige d’ḟaġairt le fuil mo ṁná. Do ċuir sé gairm-scoile amaċ annsin, agus aduḃairt sé leo go raiḃ aige anois an plundairéir ṁarḃ a aṫair agus a ṡean-aṫair, agus ar ḃain leis riaṁ, gurab é ṁarḃ iad, é féin agus a ṁuinntear. Iad go léir do ṫaḃairt leo fagóidí go ndóġfaidís agus go losgfaidís é ar maidin i mbáraċ. Nuair fuaras amuiġ é d’iarras ar an mbuaċaill ḃí ag an sean-duine mé do sgaoileaḋ.
“Aduḃairt an buaċaill liom dá sgaoilfeaḋ sé féineaċ mé an té ċeangail ċeana mé go gceangaileóċaḋ [gceangailfeaḋ] sé arís mé. ‘Dar mo láiṁ-sa duit-se, a ḃuaċaill gaḃa[nn],’ arsa mise, ‘má sgaoileann tusa mise as an ndoinsiún a ḃfuil mé ann, gaċ ar ḃain leis riaṁ ní ċeangaileóċaḋ [ceangailfeaḋ] arís mé ċum mé do ċur san áit céadna a ḃfuil mé.’ ‘Sé an feall tú d’ḟágaint [d’ḟágḃáil] ann gan daḃt,’ arsa sé, ‘aċt má sgaoilim-se tú,’ arsa sé, ‘agus go ḃfuiġḃiḋ an sean-duine an ḃuntáiste ort, beiḋ mise marḃ ċoṁ maiṫ leat féin.’ ‘Geallaim duit,’ arsa mise, ‘má sgaoileann tú mé go mbeiḋ do ċeann agus do ċion-ḃeaṫaḋ agat, agus beiḋ an náisiún ar fad agat atá tógṫa suas ag an máiġistir.’ ‘Raġaiḋ mé an seans leat,’ arsa an buaċaill gaḃann. Do ṫug sé leis claiḋeaṁ ċum na téada do ġearraḋ ḃí do mo ċeangal, agus nuair do ṡíl sé na téada do ġearraḋ is aṁlaiḋ do raġaḋ na téada i láidreaċt. ‘Anois,’ arsa mise, ‘téiḋir agus faiġ an claiḋeaṁ do rinneaḋ a ḟaġairt le fuil mo ṁná féin.’ Do ċuaiḋ, agus nuair ṫáinig an claiḋeaṁ i gciorraċt trí troiġṫe do an ċeangal, d’imṫiġ na téada in a mblúireaċaiḃ. ‘Fanfaiḋ mise annso ins an áit a ḃfuil mé,’ arsa mise, ‘agus téiḋir-se i mbun do ġnóṫa féin, agus beiḋ a ḟios againn cad adéarfaiḋ an sean-duine nuair ṫiocfaiḋ sé isteaċ.’ Nuair ṫáinig sé isteaċ aduḃairt sé leis an mbuaċaill gaḃann: ‘seo anois,’ arsa sé, ‘atá mé