55
ḃuille ḋéag anoċt agus aireóċaiḋ tusa bualaḋ uirri sin.” “Atá go maiṫ,” arsa fear an tiġe. Fuair an stracaire annsin ḋá ċat agus do ċuir sé isteaċ i mála iad agus do ċuaiḋ sé isteaċ sa reilig. Nuair d’airiġ sé na daoine ag teaċt leaṫ (is) amuiġ do ḃuail sé snaiḋm de ḃata ar na cataiḃ agus do ċuireadar sgréaċ asta. Nuair d’airiġ an ṁuinntear amuiġ an sgréaċ “oċ dar fiaḋ,” ar siad sin, “maran [muna] raiḃ sí marḃ ċeana, atá sí marḃ go ceart anois.” Do ṫeiċeadar leo féin a [do] ḃaile agus aduḃradar gur dóċa ná féadfaḋ sí teaċt anois níos mó, agus i mbasa níor ṫáinig. Do rinne an stracaire suas ar an ḃfear boċt an méid fuair sé féin agus do ḃí a aigne sásta annsin. Aduḃairt sé gur ṁór an truaġ duine agus an-iomarca aige agus duine eile agus gan aon rud do ḃeiṫ aige. “Aṫáir-se agus do ṗáistí go maiṫ anois agus beaḋ-sa ag cur díom.” “Ó ná himṫiġ,” ars an fear boċt, “fan i n-ár ḃfoċair go deo.” “Ní ḃfuiġḃinn fuireaċ” ar seisean, “slán agus beannaċt liḃ,” agus d’imṫiġ sé leis.
AN t-AMADÁN GASTA.
Do ḃí bean ann fad ó [san aimsir anallód] a raiḃ amadán de ṁac aici. Ní raiḃ aon rud lé déanaṁ aige agus do ċuaiḋ sé go dtí feirmeoir agus do rinne sé aimsir leis. Nuair do ḃí seaċt mbliaḋna caiṫte aige aduḃairt sé leis féin go raiḃ sé in am aige [dó] dul a ḃaile go dtí a ṁáṫair agus d’iarr sé a ṫuarastal ar an ḃfeirmeoir. Do ḃí an ċúirt agus go léor talṁainte agus go leor airgid aige aċt mar sin féin ní raiḃ sé ag taḃairt do Seán aċt trí leaṫ-píġne de ḃárr a