56
ṡaoṫair (Seán ḃí mar ainm ar an amadán). Aduḃairt Seán leis ná díolfaḋ sin é, aċt go gcaitfeaḋ sé an méid airigid do-ġeoḃaḋ sé leis ar a ḋrom i mála do ṫaḃairt dó nuair ċasfaḋ sé.
D’imṫiġ sé a ḃaile agus nuair do-ċonnaic a ṁáṫair é do ḃí áṫas an doṁain uirre. D’ḟiafruig sí ḋé an raiḃ aon rud aige tar éis a ṡeaċt mbliaḋna. Aduḃairt sé ná raiḃ aige aċt pinginn, “aċt is gairid ḃeiḋ mar sin” ar seisean.
Ar maidin dar [lá ar] n-a ḃáraċ do ḃog sé ċum bóṫair arís agus iar n-imṫeaċt dó do-ċonnaic sé fear istiġ i gcoill ag stracaḋ crainn. “Cad atá tú a [do] ḋéanaṁ mar sin,” arsa Seán leis. “Atáim,” ar seisean, “ag bailiuġaḋ rud lasfaiḋ an teine do mo ṁáṫair.” “Siuḃal liom-sa,” arsa Seán, “agus beir go maiṫ.” “Raġad,” ar seisean.
D’imṫiġeadar leo agus ní raḃadar i ḃfad ag imṫeaċt nuair do-ċonnacadar fear in a ṡeasaṁ ar ċrosaire. “An corṫa atá tú?” arsa Seán leis. “Ní h-eaḋ,” ar seisean, “aċt an ḃfeiceann tú an hata sin? Nuair atá seisean ar ṁullaċ mo ċinn, ní ḃfuiġḃeaḋ aoinne teaċt i mo ġoire le teas agus, nuair atá sé ar mo leaṫ-ċeann, ní ḃfuiġḃeaḋ aoinne teaċt i mo ġoire le fuaċt.” “Dá dtiocfá linn-ne, do ḋéanfaimís go maiṫ,” arsa Seán. “Atá go maiṫ,” ar seisean.
D’imṫiġeadar leo agus ní raḃadar i ḃfad ó ḃaile nuair do ṫeagṁaiġ siad le fear eile agus beirṫe aige ar a ċois ḋeis le n-a láiṁ ḋeis. “An crampa atá i do ċois,” arsa Seán leis. “Ní heaḋ,” ar seisean leis, “aċt dá gcuirfinn mo ḋá ċois ar an talaṁ, ní ḃéarfaḋ gaoṫ an Ṁárta orm.” “Tusa atá uainne-ne,” arsa Seán, “dá dtiocfá linn.” “Raġad,” ar seisean.
D’imṫig an triúr leo agus cad do-ċíḋfeaḋ siad aċt fear a raiḃ méar in a ḃéal aige agus do ḃí