18
an oiḋċe dorċa agus d’ḟan sí ar aon tac aṁáin37 go dtí ar ḃuail sí an ḟaill mar do ḃí an t-árṫraċ an-ḃríoġṁar agus do ṡíl sé ná raiḃ leaṫ na sliġeaḋ rioṫta aige38 ón uair d’ḟág sé Sean-Ṡasana agus sin é is mó do ċuir i muḋa é.39 Mar sin40 nuair d’ḟógair an cócaire ḋó go ḃfaca sé talaṁ, do ċaiṫ sé amaċ an ṁeáċtain [meáḋaċan].41 Do réir an ṁéid uisce do ḃí ann aduḃairt sé go raiḃ sé cúig ṁíle deug ó ṫalaṁ agus fá ċeann deiċ noimeintí do ḃí an t-árṫraċ buailṫe.
An S.—Cad ba ċrí[oċ] don árṫraċ nuair ṫáinig an fear ar leis í fá n-a déin?
D.—Is é a críoċ ná go raiḃ sí innsúd aige in a sean-ċliaḃán tuitṫe as a ċéile,42 píosa ḋí innso agus píosa ḋí innsúd. Do ḃí gaċ aoinneaċ dá stracaḋ as a ċéile agus aduḃairt sé leó í do ṫarraingt leó. Níor ċuir sé aon stopaḋ orra go ceann cúpla lá. Sin é an uair ṫáinig na ḃuitéirí agus do ċuireadar in áirde páipeur go mbeaḋ caint uirri a leiṫéid sin de lá. Do stopadar gaċ aoinneaċ innsin agus ní leigfidís dóiḃ dada do ṫaḃairt leó aċt an gual agus níor leigeadar é sin féin leó ṫar ḃarr na faille. 43 Do ċaiṫeadar [b’éigean dóiḃ] é d’ḟágaint [d’fágḃáil] innsin go dtí lá na cainte. Nuair ṫáinig lá na cainte do ḃí na mná ar fad agus gaċ aoinneaċ aca in a suiḋe ar a gcarnaiḃ44 féin ag fuireaċ go gcainteóċṫaiḋe é. Is í an t-árṫraċ agus an méid do ḃain léi do ḃí ar an dtráiġ do cuireaḋ ċum díola an ċeud uair.45 Níor ṫóg aoinneaċ an t-árṫraċ aċt do ṫóg siuinéir ó Ċrosaire Caḋla a trí nó a ceaṫair de ṗíosaíḃ de na crannaiḃ agus de na slataiḃ agus do ṫóg fear eile na teuda agus na seólta. D’imṫiġeadar leó suas innsin agus do ḃí na mná ṫuas ag fuireaċ leó ċum a gcuid féin den ngual do ṫógḃáil. Aċt nuair ṫáinig na ḃuitéirí agus an fear do ḃí dá ċainteáil aduḃairt sé leo ciall do ḃeiṫ aca46 agus é ḋo ṫarraingt leó a ḃaile, ná raiḃ aon ḃaint aca féin leis ċum aon ċaint do ċur air.