do dhéanamh agus poll leathan le linn ú do dhéanamh.
Ar an gcuma gcéadna geall leis is eadh a deintear a, o, u, e, i agus á, ó, ú, é, í, ach amháin gur gutaí fada á, ó, ú, é, í. Dá ndeintí a agus é chimeád ar siubhal is é á a bheadh ann. Is mar sin do o, u, e, i, leis.
Saghas é osgailte is eadh ä ins na focalaibh caol, baoghal, Gaedheal (cäl, bäl, Gäl). Saghas í osgailte is eadh y ins na focalaibh buidhe, luighe, duibhe (by, ly, dy). Chun iad a dhéanamh cuirtear an teanga beagán chun tosaigh ó ionad an á, íslightear an corrán go maith ach ná coruightear na beóla ó’n ionad i n-a mbíd le linn na hanálach do tharac. Déanfaimid ä, y, â, ô, û, ê, î a chleachta nuair a bheidh na consainí á gcleachta againn. Ní airightear ä ná y ’na n-aonar inéachor. Ní mór consainí láidre bheith ag gabháil leo mar thaca chun iad a dhéanamh.
NA DÉ-FHOGHARACHA.
Fuaimeanna dhá ghuta atá i ndé-fhogharach. Tá dhá shaghas díobh ann: na cinn neamh-mheasguithe agus na cinn mheasguithe.
Sid iad na cinn neamh-mheasguithe:—
UA, UE, IA, YA, IÀ, IE, YE.
Is mar a chéile ia agus ya, ach amháin gur tosach leathan atá ag ya (riamh, rian, ryav ryan). Is mar a chéile ie agus ye ach amháin gur tosach leathan atá ag ye (riaghail, ryel).
Sid iad na cinn mheasguithe:—
AU, ÂU, AY, ÂY, OU, ÔU, OY, EI, EY.
Táid siad le fághail ins na focalaibh seo: rann (raun), amhras (âuras), cainnt (cayint), aimhleas (âyileas), gabhar (gour), domhan (dôun), doimhin (doying), feidhm (feim), gheibheann (gheyn). Deireadh