go maith, agus an chuma i n-a ndeintear iad a mhúineadh. Táid le fághail ins na focalaibh seo:—
â lámh (lâv); snámh (snâv); ámhthach (âfach); cnámh (cnâv).
ô cómhairle (côirli); comhacht (côcht); comhartha (côrha).
û cúmhra (cûra); lonnradh (lûrav); congnamh (cûnav).
ê séimh (shêv); sgéimh (shgêv).
î geimhreadh (gîri); geimhleach (gîleach); sgeimhleadh (shgîli).
Nuair a bhion á dá dhéanamh bíon an teanga thíos sa bhéal fé mar a bhíon le linn na hanálach do tharac. Chun ó do dhéanamh árduightear lár na teangan i dtreo an charbaill bhuig agus cuirtear na beóla amach beagán. Chun ú do dhéanamh árduightear lár na teangan níos mó fós i dtreó an charbaill bhuig agus cuirtear na beóla amach go maith. Cleachtuighmis iad:—
Á, Ó, Ú.Á, Ó, Ú.Á, Ó, Ú.Á, Ó, Ú.
Deinimís á arís. Ca bhfuil an teanga le linn á dhéanamh? Thíos sa bhéal. Chun é do dhéanamh árduightear lár na teangan i dtreó an charbaill chruaidh agus tairigtear siar na beóla. Chun í do dhéanamh árduightear lár na teangan níos mó fós i dtreó an charbaill chruaidh agus tairigtear na beóla níos sia siar ná son fós. Cleachtuighmís iad:—
Á, É, Í.Á, É, Í.Á, É, Í.Á, É, Í.
Deinimís na chúig cinn a chleachta anois, agus bíodh gach aon cheann díobh go cruinn agus go beacht againn:—
Á, Ó, Ú, É, Í.Á, Ú.Í, Ú.
Tugtar fé ndeara go cúramach an difiridheacht atá idir í agus ú. Bíon poll caol sa bhéal le linn í