93
a ċúirt ag teaċt amaċ. Nuair ċonnairc sé sin, léim sé tríd an ngárda a ḃí timċioll an ríġ, ċuaiḋ sé sios air a ḋá ġlún, agus ċuir sé an litir ann a láiṁ féin.
D’ḟosgail an ríġ an litir le deifir agus leíġ sé í, agus ṫáinig ionġantas air i rioċt gur air éigin d’ḟeud se seasaṁ, agus ṫionn- taiġ sé go Goillís.
“Cia ṫu féin a Ġiolla,” ar sé, “agus cá ḃfuil m’inġean?”
Leig Ġoillís a ḋá ṁeur air a ḃeul le taisbéant do’n ríġ naċ raiḃ ann laḃairt; agus leig sé osna trom, agus ḃí a ḋá ṡúil greamṫa i n-eudann an ríg.
“Ḃḟuil tu ḃalḃ?” ar san ríġ leis.
Rinne Goillís coṁarṫa le h-innsint dó gur b’ aṁlaiḋ ḃí sé.
Ṫug an riġ litir do Ġoillís ann sin le taḃairt d’á inġin. “Taḃair í sin leat go cúramaċ do’n ṁnaoi a ṫug an ċéid-litir duit-se,” ar sé, “agus na ḃí mall leis.”
D’imṫiġ Goillís, agus ní siúḃal aċt riṫ agus ni riṫ aċt léim a ḃí aige, agus é ag im- ṫeaċt mar an ngaoiṫ; no go dtáinig se ċum na h-inġíne, agus ṫug an litir dí.
Duḃairt an riġ annsan litir sin naċ n-iarrfaḋ sé coṁ ḟad agus ḃeiḋeaḋ sé beó